Gaelscoil Riabhach

Ár suíomh blag

  • Gaiscí Scoile – Achievements

Archive for the 'Spórt' Category

Boinn Airgid do na Iaguair!

Posted by M. Brian on 23rd March 2017

Inné, chuaigh ár bhfoireann eitpheile go Luimneach le páirt a ghlacadh i gcomórtas uile-Éireann sa Spikeball. Bhí ocht bhfoireann sa gcomórtas measctha, ó chuile chearn den tír ag iarraidh craobh na hÉireann a bhaint, agus caighdeán iontach ard thar na foirne ar fad. Tar éis lá fada, d’éirigh lenár bhfoireann, Na Iaguair, dul chomh fada le cluiche ceannais na hÉireann! Bhí cluiche an-ghar acu in aghaidh Clár na Gaillimhe agus d’éirigh le Clár na Gaillimhe an cluiche a bhuacan le 3 phointe. Cé go raibh díomá orthu, bhí an-bhród orthu boinn airgid a ghlacadh ar son Ghaelscoil Riabhach! Agus tá pobail na scoile an-bhródúil astu freisin.

 

 

Posted in Spórt | 1 Comment »

Cóisir Píotsa & Céilí beag

Posted by mnídhubháin4876 on 20th March 2017

Ar an Aoine bhí cóisir píotsa againn mar gheall go bhfuil na tógálaithe tar éis tosnú ag obair ar ár SCOIL NUA. Tá muid ag siúl go mór lenár scoil nua.

 

Théis an cóisir a bheith againn chuaigh muid amach ar an gclós le Rang a 4 agus bhí céilí beag againn mar gheall gur stop sé ag báisteach. Bhí an-spraoi againn ag damhsa le Rang a 4.

Posted in Gaelbhratach, Imeachtaí Speisialta, Rang M. Brian, Rang M. Máire Treasa, Spórt | No Comments »

Scipeatón rang a 3

Posted by moleary4099 on 8th March 2017

D’éirigh an-mhaith le rang a 3 le Scipeatón 2017:

 

Posted in Imeachtaí Speisialta, Rang M. Maria, Spórt | No Comments »

Spikeball!

Posted by M. Brian on 3rd March 2017

Ghlac na Iaguair páirt sa gcómórtas réigiúnda Spikeball inné. D’éirigh thar cionn leo agus anois tá said tríd go dtí an babhta ceannais uile-Éireann! Beidh said ag imirt ar son na scoile in Ollscoil Luimnigh ag deireadh mhí an Mhárta!

Posted in Rang M. Síle, Spórt | 2 Comments »

Iarscoláirí ar cuairt!

Posted by M. Brian on 1st March 2017

 

 

Tháinig roinnt d’ár gcuid iarscoláirí ar cuairt chugainn le déanaí le rud an-speisialta a thaispeáint dúinn. Tá na buachaillí anois mar scoláirí i gColáiste an Eachréidh agus bhain said éacht amach le déanaí – bhuaigh said Craobh na hÉireann sa Spikeball, le foireann déanta suas beagnach ar fad d’iarr-imreoirí eitpheile Ghaelscoil Riabhach! Seo hiad le corn uile-Éireann agus na boinn óir a bhuaigh said. Maith sibh a bhuachaillí!

Posted in Spórt | No Comments »

Ag scipeáil!

Posted by M. Brian on 10th February 2017

Is breá linn a bheith ag scipeáil agus tá muid ag súil go mór leis an Scipeatán i mbliana! Freisin, bhí an scoil ar fad gníomhach inniu ag a 10 r.n. mar chuid den 10@10 atá bainteach leis an gclár teilifíse “Operation Transformation” ar RTÉ. Rinne muid an físeán beag seo!

Posted in Rang M. Brian, Spórt | 7 Comments »

Comórtas Spikeball na Gaillimhe!

Posted by M. Brian on 3rd February 2017

Ghlac muid páirt i gcomórtas Spikeball (eitpheil) na Gaillimhe inné. Chuir Gaelscoil Riabhach trí fhoireann isteach sa gcomórtas agus d’éirigh thar cionn leo ar fad. D’éirigh leis Na Iaguair dul tríd gan oiread is cluiche amháin a chailliúint, agus anois beidh siad ag dul ar aghaidh go dtí an comórtas réigiúnda ar son na Gaillimhe! Maith sibh gach duine!

 

 

Posted in Spórt | 4 Comments »

Iománaíocht Rang a hAon

Posted by mnídhubháin4876 on 2nd February 2017

An tseachtain seo caite thosaigh muid ag traenáil iománaíocht le Padraic Ó Loinsigh. Bhí an spóirt agus craic againn ag an gcéad seisiúin.

Posted in Rang M. Máire Treasa, Spórt | 1 Comment »

Damhsa

Posted by mnídhubháin4876 on 19th January 2017

Is breá linn a bheith breá gníomhach i Rang a hAon. Chuile lá trí huaire in aghaidh an lae éiríonn muid agus déanann muid beagán damhsa sa seomra chun muid féin a choinneáil breá gníomhach.

 

Posted in Rang M. Máire Treasa, Spórt | No Comments »

Gleacaíocht i rang a 2 agus rang a 3

Posted by moleary4099 on 15th December 2016

Chuir rang a dó agus rang a trí críoch lenár tréimhse gleacaíochta ar an Luan. Bhí an-am againn ag imirt ‘Madraí agus Coileán’ agus muid i staidiúir an mhadra. Féach ar na grianghraif agus meastú an éireoidh leat an coileán a aimsiú?

img_4166fullsizerender-18img_4167img_4161

Posted in Rang M. Eilís, Rang M. Maria, Spórt | No Comments »