Gaelscoil Riabhach

Ár suíomh blag

  • Gaiscí Scoile – Achievements

  • Tacaigh linn – support us!

    Tacaigh leis an scoil – Ceannaigh bríce anseo!

    Support our school fundraiser – Buy a brick here!

Archive for the 'Oifig' Category

Síolta draíochta biolair ag fás i Rang a hAon

Posted by dmaccrosain9329 on 30th April 2018

Chuir na gasúir síolta biolair an Luan seo caite agus féach orthu anois! Is féidir le síolta biolair fás gan ithir ach tá solas na gréine agus uisce ag teastáil uatha. Chuireamar na síolta in olann chadáis. Táimid ag súil go mór leis an mbiolar a chur inár gceapairí.

Posted in Brat Glas, Eolaíocht agus Matamaitic, Oifig, Rang M. Dairíne | No Comments »

Cairde cuideachta

Posted by moleary4099 on 17th April 2018

Bíonn scata ó na hardranganna ar chlós na naíonán ag spreagadh na naíonán agus ag labhairt i nGaeilge leo. Maith sibh féin:

 

Posted in Brat Buí, Gaelbhratach, Oifig, Rang M. Brian, Rang M. Maria, Rang M. Síle | No Comments »

Céatadán don Ealaín – Percent for Art update

Posted by M. Brian on 15th April 2018

Seo an nuacht is déanaí ónár gcairde Fiona agus Liz faoin bpíosa ealaíne atá á dhéanamh acu dúinn! Déan clic ar na naisc le léamh faoi.

Here are some updates from our artist friends Fiona and Liz who are busily working on our school’s Percent for Art project! Click on the links to read how it’s going!

Blog 3 Loughrea

Blog 2 loughrea

Posted in Imeachtaí Speisialta, Oifig | No Comments »

Grúpaí ón gclós ar Lá na Leabhair

Posted by enicdhonncha1197 on 23rd March 2018

Bhí an spraoi againn sa chlós agus gach duine sa chlós. Seo sampla beag de… 🙂

Gangsta Grannies!

Muintir Harry Potter Grúpa 1

Muintir Harry Potter Grúpa 2

Cá bhfuil Wally?

Muintir ó Cogadh na Réaltaí

Stormtrooper agus an Stig at tabhairt an-aire do na naíonáin inniu! 🙂

 

 

Posted in Imeachtaí Speisialta, Oifig, Rang M. Áine, Rang M. Áine Máire, Rang M. Brian, Rang M. Dairíne, Rang M. Eilís, Rang M. Maria, Rang M. Síle | No Comments »

Lá na Leabhar i rang a trí

Posted by moleary4099 on 23rd March 2018

Bhí an-lá againn anseo i nGaelscoil Riabhach agus b’álainn an radharc na páistí a fheiceáil gléasta suas. Labhraíomar i mbeirteanna faoinár leabhair agus is dócha go bhfuilimid níos spreagtha fós ó thaobh na léitheoireachta de.

Bhí sé go deas múinteoir a fheiceáil agus é gléasta suas freisin!

Posted in Gaelbhratach, Oifig, Rang M. Brian, Rang M. Maria | No Comments »

Scríobh Leabhar

Posted by enicdhonncha1197 on 22nd March 2018

Bhí oíche iontach ag beirt ón scoil istigh i nGaillimh ag bronnadh na gradam ón gComortas Scríobh Leabhar. Bhuaigh Chloe an comórtas ó Rang 4 agus bhailigh Leela an teastas i gcóir leabhar ranga ar son Rang 2.

Bhain siad an taitneamh as an oíche a bhí lán le spraoi agus craic. Bhí seans ag Leela dul suas le grúpa Cheerleaders a caitheamh le chéile ar an oíche os cóir na sluaite!

Maith sibh cailíní!

Posted in Gaelbhratach, Oifig, Rang M. Eilís, Rang M. Síle | No Comments »

Oíche Eolais / Open Night – 17 Eanáir

Posted by M. Brian on 14th January 2018

Oíche Eolais / Information Night at Gaelscoil Riabhach on 17 January at 7pm

Má bhíonn suim agat do pháiste a chlárú linn, bí i láthair ag an Oíche Eolais ar an 17 Eanáir ag 7i.n.

If you are interested in registering your child to start from 2018-2021 please attend the information night on the 17th January at 7pm.

Discover Loughrea

Posted in Imeachtaí Speisialta, Oifig | No Comments »

Ár scoil nua!

Posted by M. Brian on 14th January 2018

At deireadh, tá muid sa scoil nua! Nach bhfuil sí go hálainn? Míle búiochas le chuile dhuine a chabhraigh linn ar an mbealach. Tá muid chomh bródúil agus sásta a bheith anseo!

Many thanks to everyone who helped us on our long journey to our beautiful new school building!

Pictiúr le caoinchead ó Paul Duane photography – courtesy of Paul Duane Photography.

 

 

 

 

 

 

Bhí muid ar Nuacht TG4 freisin!

 

Posted in Imeachtaí Speisialta, Oifig | No Comments »

Fáilte go Rang 2

Posted by enicdhonncha1197 on 8th September 2017

Tá ár chéad seachtain cheart mar Rang 2 beagnach thart agus tá tuirse orainn ach tá muid sásta 🙂

Chruth muid crann cáirdiúl chun fáilte a chur roimh cuairteoirí. Coinnigh súil air agus an fómhar ag dul ar aghaidh…

Thosaigh muid ag obair i ngrúpaí cheanna féin. Anseo tá mata idir lámh againn – ag comhaireamh na scriosáin ar fad sa seomra. Meas tú cé mhéad a bheidh fágtha i mí Meitheamh??

Agus dár ndóigh bhí muid ag ceiliúradh. Gaillimh Abú!!

Posted in Oifig, Rang M. Eilís | No Comments »

Picnic na mBéiríní le Naíonáin Bheaga

Posted by Áine Ní Riain on 21st June 2017

Thug na páistí Béiríní ar scoil leo inniu. Bhí picnic againn thuas ar an bpáirc.

D’imir muid cluichí agus bhí rás na mbéiríní againn chomh maith.

 

D’fhág muid na teidí ina chodladh nuair a bhí muid ag an tinól.
ACH…..nuair a tháinigh muid ar ais bhí rírá agus ruaile buaile i seomra na naíonán!!!

An bhfeiceann tú na teidí i bhfolach?

Posted in Oifig, Seanphoist - 2016/2017 | No Comments »