Gaelscoil Riabhach

Ár suíomh blag

  • Gaiscí Scoile – Achievements

Archive for the 'Rang M. Áine' Category

Tobshlua!

Posted by enicdhonncha1197 on 22nd May 2017

Bhí an-chraic againn ag cur tobshlua (flashmob) le chéile i rith Seachtain Gníomhach 2017. Mhúin daltaí ó Rang 6 don scoil ar fad é i gceachtanna gearra gach lá agus ar an lá deirneach rinne muid ar fad le chéile é. D’fhéadfá an taitneamh a bhain muid as a fheiceáil san fhíseán beag seo 🙂

Posted in Brat Gorm, Imeachtaí Speisialta, Rang M. Áine, Rang M. Áine Máire, Rang M. Brian, Rang M. Eilís, Rang M. Máire Treasa, Rang M. Maria, Rang M. Síle, Spórt | No Comments »

Seó Puipéad & Cóisir Píotsa i rang Naíonáin Bheaga!

Posted by Áine Ní Riain on 16th March 2017

Bhí an-lá ag naíonáin bheaga inniu! Chuamar ar cuairt go Rang 5 & 6 chun seó puipéad a fheiceáil. Thaitin sé go mór linn!

 

Ansin bhí cóisir píotsa againn chun an scoil nua a cheiliúradh!

 

 

Posted in Rang M. Áine | No Comments »

Lá na Leabhar i Rang Naíonáin Bheaga

Posted by Áine Ní Riain on 6th March 2017

Bhí lá álainn againn do Lá na Leabhar an Aoine seo chaite! Ghléasamar suas mar charachtair ó na leabhair is fearr linn. Tháinig rang Múinteoir Síle isteach chun leabhair a léamh dúinn agus léamar ár leabhair léitheoireachta dóibh!

Posted in Rang M. Áine | No Comments »

10 @ 10

Posted by Áine Ní Riain on 10th February 2017

Bhí na páistí go léir gníomhach inniu ar feadh 10 noiméad ag a 10 a chlog mar chuid den chlár teilifíse ‘Operation Transformation’. Is aoibhinn linn a bheith aclaí agus sláintiúil!!

Posted in Rang M. Áine, Uncategorized | No Comments »

Stáisiún na nGardaí

Posted by Áine Ní Riain on 31st January 2017

 

Tá na páistí i naíonáin bheaga ag foghlaim faoi na Gardaí faoi láthair. Is post an-tabhachtach é. Tá stáisiún na nGardaí againn sa seomra ranga. Tá na páistí ag ligint orthu gur gardaí agus gadaí iad!

Tháinig Garda Gráinne ar cuairt chugainn. Thaispeáin sí a éide dúinn. D’éisteamar leis an raidió speisialta.

Posted in Rang M. Áine, Uncategorized | No Comments »

Breagáin anois agus fadó!

Posted by Áine Ní Riain on 9th January 2017

Roimh na Nollag bhí muid ag foghlaim faoi bhréagáin anois agus fadó. Thóg na naíonáin bheaga a mbréagáin féin agus bréagáin a dtuistí agus sean-tuistí isteach chun comparáid a dhéanamh. Bhain muid an taitneamh as a bheith ag spraoi leis na sean bhreagáin!!

 

Posted in Rang M. Áine, Uncategorized | 1 Comment »

Damhsa Gaelach i Naíonáin Bheaga

Posted by Áine Ní Riain on 12th December 2016

Bhí na páistí i naíonáin bheaga ag foghlaim Damhsa Gaelach le  cúpla seachtain anuas le múinteoir damhsa Carol. Bhain siad an-taitneamh as!

imag0705imag0703imag0700imag0701imag0702

Posted in Rang M. Áine | No Comments »

Naíonáin Bheaga i mbun Zumba!!

Posted by Áine Ní Riain on 23rd November 2016

zumba-3zumba-2

Posted in Rang M. Áine | No Comments »

Naíonáin Bheaga ag spraoi!!

Posted by Áine Ní Riain on 23rd November 2016

aistear

Tá muid ag obair le chéile chun feirm a thógáil!

Fáilte chuig Oifig an Phoist!

Fáilte chuig Oifig an Phoist!

Féach orainn ag tógáil!

Féach orainn ag tógáil!

Posted in Rang M. Áine | No Comments »