Gaelscoil Riabhach

Ár suíomh blag

  • Gaiscí Scoile – Achievements

Archive for the 'Rang M. Brian' Category

Cóisir Píotsa & Céilí beag

Posted by mnídhubháin4876 on 20th March 2017

Ar an Aoine bhí cóisir píotsa againn mar gheall go bhfuil na tógálaithe tar éis tosnú ag obair ar ár SCOIL NUA. Tá muid ag siúl go mór lenár scoil nua.

 

Théis an cóisir a bheith againn chuaigh muid amach ar an gclós le Rang a 4 agus bhí céilí beag againn mar gheall gur stop sé ag báisteach. Bhí an-spraoi againn ag damhsa le Rang a 4.

Posted in Gaelbhratach, Imeachtaí Speisialta, Rang M. Brian, Rang M. Máire Treasa, Spórt | No Comments »

Lá na Leabhar i Rang 4

Posted by M. Brian on 7th March 2017

Is breá linn a bheith ag gléasadh suas do Lá na Leabhar! An féidir leat aon cheann de na carachtair seo a ainmniú?

 

 

 

Posted in Imeachtaí Speisialta, Rang M. Brian | No Comments »

Scamhóga

Posted by M. Brian on 3rd March 2017

Bhí muid ag foghlaim faoi análú agus na scamhóga. Rinne muid macasamhail de na scamhóga agus an scairt le taispeáint cén choi a oibríonn análú i do cholainn!

Posted in Eolaíocht agus Matamaitic, Rang M. Brian | 1 Comment »

Gealóg Ghiolcaí agus Spideog

Posted by M. Brian on 17th February 2017

Chonaic muid éan neamh-choitianta i rith na seachtaine – an ghealóg ghiolcaí.

 

 

 

 

Freisin, thit cuid de na beathadáin mar gheall ar an ngaoth láidir. Ach níor stop sin an spideog seo ag teacht ar cuairt!

 

Posted in Brat Glas, Eolaíocht agus Matamaitic, Rang M. Brian | 2 Comments »

Ag scipeáil!

Posted by M. Brian on 10th February 2017

Is breá linn a bheith ag scipeáil agus tá muid ag súil go mór leis an Scipeatán i mbliana! Freisin, bhí an scoil ar fad gníomhach inniu ag a 10 r.n. mar chuid den 10@10 atá bainteach leis an gclár teilifíse “Operation Transformation” ar RTÉ. Rinne muid an físeán beag seo!

Posted in Rang M. Brian, Spórt | 7 Comments »

Meantán Mór ar cuairt!

Posted by M. Brian on 31st January 2017

Tháinig éan nua chugainn inniu – an Meantán Mór! Tá cloigeann dubh aige le leicne bána, bolg buí, le stríoc dhubh síos sa lár.

 

 

Posted in Brat Glas, Eolaíocht agus Matamaitic, Rang M. Brian | 1 Comment »

Ag beathú na n-éan!

Posted by M. Brian on 30th January 2017

Tá muid ag foghlaim faoi na héin atá ina gcónaí I dtimpeallacht na scoile. Mar sin chroch muid suas beathadáin éan taobh amuigh de fhuinneog an ranga le feiceáil cé na héin a thiocfaidh. Seo roinnt pictiúir a ghlac muid de na héin bheaga a thánig go dtí seo!

 

Posted in Brat Glas, Eolaíocht agus Matamaitic, Rang M. Brian | 1 Comment »

Féile Eolaíochta na Gaillimhe

Posted by M. Brian on 30th November 2016

Seo cúpla pictiúr eile ón bhFéile Eolaíochta i nGaillimh ag an deireadh seachtaine – buíochas le Enda O’Connell ó Reel Life Science agus OÉ Gaillimh.

Posted in Eolaíocht agus Matamaitic, Rang M. Brian | 2 Comments »

Héileacaptair páipéir

Posted by M. Brian on 30th November 2016

Bhí Rang a 4 ag foghlaim faoi domhantarraingt agus brú aeir san Eolaíocht le déanaí, agus rinne siad héileacaptair páipéir. Ar ndóigh, bhí orthu triail a bhaint astu!

Posted in Eolaíocht agus Matamaitic, Rang M. Brian | No Comments »

Reel Life Science!

Posted by M. Brian on 28th November 2016

Tá an-áthas orainn a rá gur bhuaigh Rang 4 an comórtas Reel Life Science i mbliana! Is comórtas náisiúnta é seo d’fhíseáin Eolaíochta. Rinne Rang 4 a bhfíseán bunaithe ar an agallamh a chuir siad ar an spásaire NASA Ron Garan cúpla mí ó shin. D’fhógair siad na buaiteoirí an tseachtain seo caite agus tháinig muid sa chéad áit! Tá ár bhfíseáin tar éis a bheith feicthe na céadta uair ar líne, agus bhí sé sna nuachtáin agus ar an teilifís freisin!

Ar an Domhnach chuaigh muid go Gaillimh chun ár gcuid duaiseanna a fháil ag Féile Eolaíochta na Gaillimhe. Seo picitúir de roinnt de na páistí le huachtarán OÉ Gaillimh An t-Ollamh Jim Browne agus Des Foley ó Roinn Eolaíochta GMIT, chomh maith leis an Dr Enda O’Connell, príomheagraí an chomórtais.

img-20161128-wa0003

 

Posted in Eolaíocht agus Matamaitic, Rang M. Brian | 2 Comments »