Gaelscoil Riabhach

Ár suíomh blag

  • Gaiscí Scoile – Achievements

  • Tacaigh linn – support us!

    Tacaigh leis an scoil – Ceannaigh bríce anseo!

    Support our school fundraiser – Buy a brick here!

Archive for the 'Rang M. Eilís' Category

Ag Rith go dtí Beirlín!

Posted by enicdhonncha1197 on 18th February 2018

Mar chuid den obair i gcóir an brat gníomhach le déanaí thug Múinteoir Áine tasc dúinn rith go dtí an Bheirlín. Ní raibh orainn dul thar lear dár ndóigh ach rith timpeall an chlós uair amháin do gach km idir Baile Locha Riach agus Beirlín. Chríochnaigh muid ár 1,472 cuairt ar an chlós an tseachtain seo caite agus, mar ceiliúradh, d’fhoghlaim muid go leor faoin gcathair spéisiúl seo. Thug dalta amháin carta phoist isteach le fíor-phíosa den Balla Beirlín agus mhúin dalta eile cúpla phrása Gearmáinis dúinn.

Ag tnúth go mór lenár gcéad tasc eile 🙂

Posted in Brat Gníomhach, Rang M. Eilís, Spórt | No Comments »

Cairdeas agus Bulaíocht

Posted by enicdhonncha1197 on 4th February 2018

Chun deireadh a chur le tréimhse ag foghlaim faoi cairdeas agus bulaíocht rinne muid roinnt drámaíocht chun chinntiú go raibh na téarmaí againn go daingean. Sa drámaíocht (agus teangacha) tá muid ag obair ar scéalta a thaispeáint trí pictiúrí reoite. Seo chugaibh cúpla sampla.

Bagairt

Sealbhaíocht

Fág ar lár

Ráflaí

Meas

Achasán

Comhroinnt

Posted in Rang M. Eilís | No Comments »

Damhsa i Rang 2

Posted by enicdhonncha1197 on 4th February 2018

Tá muid tar éis an-chraic a bheith againn ag foghlaim damhsa i mí Eanáir. In ionad dul ag an halla uair amháin sa seachtain rinne muid cinneadh é a dhéanamh sa seomra ranga uair nó dhó chuile lá. Mar sin bhí muid thar a bheith gníomhach ag foghlaim dhá damhsa ina iomlán (Stamina le SIA agus Dance le Justin Timberlake).

Posted in Brat Gníomhach, Rang M. Eilís, Spórt | No Comments »

Portráid i nGualach

Posted by enicdhonncha1197 on 19th January 2018

Inniu bhí muid ag forbairt ár gcuid líníocht. Tá muid ag obair ar portráid le seachtain anuas agus inniu bhain muid trial as gualach líníocht. Bhí sé thar a bheith spéisiúl foghlaim faoi na rudaí éagsúla gur féidir déanamh leis agus bhaineamar an-sult as. Tá na pictiúir go deas fresin 🙂

Posted in Rang M. Eilís | No Comments »

Lá na Pitseamaí

Posted by enicdhonncha1197 on 7th January 2018

Beagnach ar ais ar scoil ach seo chugaibh (faoi dheireadh) íomhá beag ó Rang 2 ar lá na pitseamaí. Nach mbreathnaíonn siad gleoite? Tar éis an obair crua ar fad a bhí déanta acu i dtéarma 1 bhí treatín beag tuillte acu. Bhí an-lá go deo againn. Ag tnúth go mór leis an téarma nua ag tosnú amárach 🙂

Posted in Imeachtaí Speisialta, Rang M. Eilís | No Comments »

Gradam Reel Life Science 2017

Posted by enicdhonncha1197 on 29th November 2017

Bronnadh gradam an 3ú áit sa tír ar Ranganna 2, 5 & 6 ag an Féile Eolaíochta agus Teicneolaíochta I nGaillimh ag an deireadh seachtain. Bhí muid sceitsimíneach! Agus ag tnúth go mór lenár duais a chaitheamh ar fearas eolaíochta agus maitimatice don scoil nua 😊

Posted in Eolaíocht agus Matamaitic, Imeachtaí Speisialta, Rang M. Brian, Rang M. Eilís | No Comments »

Cuairteoir Eolaíochta i Rang 2

Posted by enicdhonncha1197 on 29th November 2017

Bhí ríméad ar Rang 2 fáilte a chur roimh cuairteoir eolaíochta Jane Shimizu le linn seachtain eolaíochta. D’fhoghlaimid go leor faoi fórsaí agus bhaineamar an-taitneamh as. Go raibh maith ag Múinteoir Síle as ucht í a eagrú 😊

Posted in Eolaíocht agus Matamaitic, Rang M. Eilís | No Comments »

Lá éadaí craiceáilte i Rang 2!

Posted by enicdhonncha1197 on 27th October 2017

Ba cheart dúinn díreach ‘Lá Craiceáilte’ a glaoch air lena lunatics seo! An chraic go deo 😀

Posted in Imeachtaí Speisialta, Rang M. Eilís | No Comments »

Físeán Eolaíochta

Posted by enicdhonncha1197 on 20th October 2017

Mar cuid den comórtas Reel Life Science d’oibrigh ranganna 2, 5 & 6 le chéile i mbliana. Thóg muid ár inspioráid ó na mbalúin aer the a bhí i mBaile Locha Riach le déanaí (in aice lenár scoil nua!) agus rinne muid aisteoireacht agus beocháin chun an eolaíocht atá taobh thiar dóibh (nó taobh istigh!) a mhíniú. Súil againn to dtaitneoidh sé libh 🙂

Posted in Eolaíocht agus Matamaitic, Rang M. Brian, Rang M. Eilís | No Comments »

Rang 2 ag Baboró

Posted by enicdhonncha1197 on 20th October 2017

Chuaigh Rang 2 go dtí seó ab ainm ‘Bounce’  le linn an féile Baboró i nGaillimh ar an gCéadaoin. Seó damhsa ón Fhrainc a bhí ann. Bhain muid an-taitneamh as an léiriú spéisiúl agus bhí comhrá iontach againn faoi ar ais ag an rang. Bhain muid taitneamh as dul ag an amharclann comh maith (an céad uair do go leor den rang) agus fiú lá imithe ón scoil dár ndóigh.

Mar obair bhaile rinne na gasúir pictiúr den nóiméad den seó a chuaigh i bhfeidhm go mór orthu. Seo chugaibh roinnt samplaí.

Posted in Imeachtaí Speisialta, Rang M. Eilís | No Comments »