Gaelscoil Riabhach

Ár suíomh blag

  • Gaiscí Scoile – Achievements

  • Tacaigh linn – support us!

    Tacaigh leis an scoil – Ceannaigh bríce anseo!

    Support our school fundraiser – Buy a brick here!

Archive for the 'Rang M. Maria' Category

An Siopa Babhtála i rang a trí

Posted by moleary4099 on 7th February 2018

D’fhoglaimíomar faoin tábhacht a bhaineann le hathchúrsáil agus le hathúsáid. Léigh cailín sa rang faoi shiopa babhtála agus í ag léamh ar scoil. Mar sin, thóg cuid againn rudaí nach raibh ag teastáil uainn a thuilleadh isteach ar scoil. Chuireamar ‘siopa’ ranga le chéile agus ar ndóigh, bhí siopadóirí den scoth againn. Ní raibh áireamhán le feiceáil áit ar bith, ach an oiread! Tá go leor rudaí ‘nua’ againn anois agus ní raibh ar aon duine fíor-airgead a chaitheamh nó rud ar bith a chaitheamh sa bhruscar ach an oiread! Maith sibh féin, rang a trí!:

Posted in Brat Glas, Eolaíocht agus Matamaitic, Rang M. Maria | No Comments »

Gleacaíocht i rang a trí

Posted by moleary4099 on 7th February 2018

Táimid an-shásta lenár dul chun cinn sa ghleacaíocht cheana féin!

Posted in Brat Gníomhach, Rang M. Maria, Spórt | No Comments »

Bíonn siúlach scéalach!

Posted by moleary4099 on 4th February 2018

D’fhoghlaim rang a trí go leor faoi chairdeas agus frithbhulaíocht le déanaí. Ar ndóigh, tuigimid gur maith an rud é ár dtuairimí a phlé lena chéile, fiú muna aontaímid lena chéile an t-am ar fad! Mar sin, bhí díospóireacht siúlóide againn maidir le gnéithe den bhulaíocht agus den chairdeas.

Ina dhiaidh sin, bhí díospóireachtaí siúlóide eile againn bunaithe ar ár dtuairimí faoi ainmhithe, faoi bhia agus faoin bpolaitíocht fiú!

 

Posted in Brat Buí, Gaelbhratach, Rang M. Maria | No Comments »

Ár gcluichí féin i rang a trí

Posted by moleary4099 on 4th February 2018

Chumamar ár gcluichí féin le déanaí. Bhaineamar an-taitneamh as an gceann seo. Bhí orainn oibriú le chéile chun focail nó litreacha a chruthú lenár gcoirp. Meastú an mbeidh tú in ann iad a oibriú amach ó na grianghraif seo thíos?

 

Posted in Brat Gníomhach, Gaelbhratach, Rang M. Maria | No Comments »

Corn Mhic Cárthaigh

Posted by moleary4099 on 27th September 2017

Bhí an-áthas orainn i rang a 3 nuair a bhí an ghrian ag taitneamh agus bhí Corn Mhic Cárthaigh inár measc! Gaillimh Abú!:

Posted in Gaelbhratach, Imeachtaí Speisialta, Rang M. Maria, Spórt | No Comments »

Coiste na nDaltaí 2017/2018

Posted by M. Brian on 23rd September 2017

Bhí toghchán Choiste na nDaltaí ar siúl ar an Aoine agus d’éirigh thar cionn le chuile pháiste a sheas. Bhí 39 páiste ag seasamh agus léígh siad amach óráidí os comhair na páistí ar fad ó Rang 2 go Rang 6 – os cionn 100 duine! Bhí smaointí iontacha acu ar fad agus is cinnte go bhfuil an t-ádh leis an scoil maidir le caighdeán na scoláirí atá againn. Ar deireadh, vótáil na gasúir agus toghadh an coiste nua! Gach rath orthu lena gcuid oibre i mbliana, agus comhghairdeas mór leo uile!

Posted in Imeachtaí Speisialta, Rang M. Brian, Rang M. Eilís, Rang M. Maria, Rang M. Síle | No Comments »