Gaelscoil Riabhach

Ár suíomh blag

  • Gaiscí Scoile – Achievements

  • Tacaigh linn – support us!

    Tacaigh leis an scoil – Ceannaigh bríce anseo!

    Support our school fundraiser – Buy a brick here!

Archive for the 'Rang M. Síle' Category

Seachain an Liathróid!

Posted by enicdhonncha1197 on 8th June 2018

Chun deireadh cheart a cur le Seachtain Gníomhach 2018 d’eagraíodh an comórtas mór tráthnóna Dé hAoine. Is cosúil gur tradisiún anois é an cogadh mór ‘Seachain an Liathróid’ idir na múinteoirí agus Rang 6. Cé go raibh sé thar a bheith iomaíoch buí sé thar a bheith spóirtiúl agus spraoíúl fresin. Ag deireadh an lae bhuaigh Rang 6 an chéad cluiche agus bhuaigh na múinteoirí an dara cluiche (don chéad uair riamh!). Ní raibh muid in ann an tríú cluiche a imirt mar thosaigh an báisteach – an ndearfaimid gur cómhscór é sin?? ;D

Roinnt pictiúrí a léiríonn an craic ar an lá – go raibh maith agaibh Lauren agus Caoimhe as ucht iad a glacadh.

Posted in Brat Gníomhach, Gaelbhratach, Imeachtaí Speisialta, Rang M. Áine, Rang M. Áine Máire, Rang M. Brian, Rang M. Dairíne, Rang M. Eilís, Rang M. Maria, Rang M. Síle, Spórt | No Comments »

An bhfuil rialóir agat?

Posted by moleary4099 on 18th April 2018

Tar chuig an siopa scoile gach Luan, Céadaoin agus Aoine! Tá siopadóirí den scoth againn! Shocraigh an coiste gaelbhrataí a bheith i gceannas ar an siopa scoile agus cuirtear fáilte roimh chách! Bíonn an siopa oscailte ó 8:40am – 9:00am.

Posted in Brat Buí, Gaelbhratach, Rang M. Áine, Rang M. Áine Máire, Rang M. Brian, Rang M. Dairíne, Rang M. Eilís, Rang M. Maria, Rang M. Síle | No Comments »

Cairde cuideachta

Posted by moleary4099 on 17th April 2018

Bíonn scata ó na hardranganna ar chlós na naíonán ag spreagadh na naíonán agus ag labhairt i nGaeilge leo. Maith sibh féin:

 

Posted in Brat Buí, Gaelbhratach, Oifig, Rang M. Brian, Rang M. Maria, Rang M. Síle | No Comments »

Spórt agus spraoi ag déanamh slaim!

Posted by dmaccrosain9329 on 2nd April 2018

Bhí an-spórt againn le déanaí ag déanamh slaim agus ag iniúchadh conas an slam is fearr a dhéanamh. Bhí sé go deas Rang a Ceathair agus Rang a hAon  a fheiceáil ag comhoibriú lena chéile.

Posted in Eolaíocht agus Matamaitic, Rang M. Dairíne, Rang M. Síle | No Comments »

Rugbaí

Posted by M. Brian on 23rd March 2018

Cúpla seachtain ó shin, ghlac Rang 4, 5 agus 6 páirt i gcluichí rugbaí cairdiúla. Rinne muid seisiúin traenála ar scoil chun na scileanna a fhoghlaim. Thaitin sé go mór le gach duine!

Posted in Brat Gníomhach, Rang M. Brian, Rang M. Síle, Spórt | No Comments »

Grúpaí ón gclós ar Lá na Leabhair

Posted by enicdhonncha1197 on 23rd March 2018

Bhí an spraoi againn sa chlós agus gach duine sa chlós. Seo sampla beag de… 🙂

Gangsta Grannies!

Muintir Harry Potter Grúpa 1

Muintir Harry Potter Grúpa 2

Cá bhfuil Wally?

Muintir ó Cogadh na Réaltaí

Stormtrooper agus an Stig at tabhairt an-aire do na naíonáin inniu! 🙂

 

 

Posted in Imeachtaí Speisialta, Oifig, Rang M. Áine, Rang M. Áine Máire, Rang M. Brian, Rang M. Dairíne, Rang M. Eilís, Rang M. Maria, Rang M. Síle | No Comments »

Scríobh Leabhar

Posted by enicdhonncha1197 on 22nd March 2018

Bhí oíche iontach ag beirt ón scoil istigh i nGaillimh ag bronnadh na gradam ón gComortas Scríobh Leabhar. Bhuaigh Chloe an comórtas ó Rang 4 agus bhailigh Leela an teastas i gcóir leabhar ranga ar son Rang 2.

Bhain siad an taitneamh as an oíche a bhí lán le spraoi agus craic. Bhí seans ag Leela dul suas le grúpa Cheerleaders a caitheamh le chéile ar an oíche os cóir na sluaite!

Maith sibh cailíní!

Posted in Gaelbhratach, Oifig, Rang M. Eilís, Rang M. Síle | No Comments »

Coiste na nDaltaí 2017/2018

Posted by M. Brian on 23rd September 2017

Bhí toghchán Choiste na nDaltaí ar siúl ar an Aoine agus d’éirigh thar cionn le chuile pháiste a sheas. Bhí 39 páiste ag seasamh agus léígh siad amach óráidí os comhair na páistí ar fad ó Rang 2 go Rang 6 – os cionn 100 duine! Bhí smaointí iontacha acu ar fad agus is cinnte go bhfuil an t-ádh leis an scoil maidir le caighdeán na scoláirí atá againn. Ar deireadh, vótáil na gasúir agus toghadh an coiste nua! Gach rath orthu lena gcuid oibre i mbliana, agus comhghairdeas mór leo uile!

Posted in Imeachtaí Speisialta, Rang M. Brian, Rang M. Eilís, Rang M. Maria, Rang M. Síle | No Comments »