Gaelscoil Riabhach

Ár suíomh blag

  • Gaiscí Scoile – Achievements

Archive for the 'Seanphoist – 2012/2013' Category

Amhrán na gCupán – Slán le Rang 6!

Posted by M. Brian on 27th June 2013

[media id=44]

Bhí bliain iontach ag R6 agus R5 le chéile, agus anois tá se in am slán a rá le R6. Ba ghrúpa den chéad scoth iad. Guímis gach rath orthu agus iad ag bogadh ar aghaidh go dtí an mheánscoil. Beidh fáilte rompu i gcónaí teacht ar ais chun muid a fheiceáil. Rinne muid an físeán seo dóibh ag canadh “Amhrán na gCupán” (The Cup Song from Pitch Perfect as Gaeilge) le chéile le R5, chun deireadh a chur leis an mbliain – bainigí sult as!

Posted in Ár bPodchraolta/ Podcasts - Raidió Riabhach, Seanphoist - 2012/2013 | 1 Comment »

Lá Eolaíochta 2013

Posted by M. Brian on 22nd June 2013

Bhí an Lá Eolaíochta bliantúil againn ar an Déardaoin agus bhí obair iontach le feiceáil sna ranganna ar fad timpeall na scoile. Tháinig tuismitheoirí isteach chun ár gcuid Eolaíochta a fheiceáil. Bhí chuile shórt ó bolcáin agus lampaí lábha go dtí peireascóp agus gealacha Iupatair le feiceáil!

Rinne Rang 5 agus 6 “Camera Obscura” as seomra M. Anna. Cé nach raibh sé ró-ghrianmhar, d’éirigh go maith leis, agus rinne muid an físeán seo taobh istigh den tseomra ag taispeáint roinnt páistí Rang 4, 5 agus 6 ag spraoi taobh amuigh – an féidir leat éinne a aithint?

[media id=43]

Posted in Ár bPodchraolta/ Podcasts - Raidió Riabhach, Eolaíocht agus Matamaitic, Seanphoist - 2012/2013 | 1 Comment »

Turas Scoile go Áth Luain

Posted by M. Máire Treasa on 18th June 2013

Bhuail muid bóthar go luath inné agus thug muid ár n-aghaidh ar Áth Luain. Stop muid ar dtús i Iarsmalann Derryglad áit a bhfuair na páistí deis breathnú ar rudaí difriúla a bhí ag na daoine a d’imigh romhainn. Ansin stop muid i Ionad Spraoi i Áth Luain áit ar bhfuair na páistí deis dul ag babhláil. Ansin d’éirigh linn léim ar bhád áit a ndeachaigh muid ar thuras do tSionáinn. Bhí an-spraoi ag na páistí.

Posted in Seanphoist - 2012/2013 | 1 Comment »

Risíní ag Damhsa

Posted by M. Máire Treasa on 18th June 2013

Rinne muid iarracht feiceáil an raibh muid in ann risíní a chur ag damhsa.

Tá na rísíní níos troime ná uisce agus mar sin téann siad go híochtar.

Greamaíonn bolgáin dé-ocsaíd charbóin ón deoch do na rísíní agus anois tá na ‘bolgáin + rísíní’ níos éadroime na an deoch agus éiríonn siad aníos.

Ag an dromchla éalaíonn na bolgáin agus síos leis rísíní arís chun a tuilleadh bolgáin a bhailiú.

Posted in Eolaíocht agus Matamaitic, Seanphoist - 2012/2013 | 1 Comment »

Eolaíocht R2/3

Posted by M. Máire Treasa on 18th June 2013

Rinne muid iarracht ola agus uisce a mheascadh ach níor éirigh linn.

Tá ola níos éadroim ná uisce agus mar sin snámhann ola ar uisce.

Posted in Eolaíocht agus Matamaitic, Seanphoist - 2012/2013 | 2 Comments »

Garraí na mBocht

Posted by M. Brian on 17th June 2013

Ar an Aoine chuaigh muid go dtí oscailt oifigiúil Garraí na mBocht, ag Otharlann Naomh Breandáin. Is reilig í ina bhfuil na céadta daoine a chailleadh i rith an Ghorta Mhóir curtha. Socraíodh gairdín poiblí a dhéanamh ann in onóir na ndaoine atá curtha ann, agus breathnaíonn sé go hálainn. Tugadh cuireadh dúinn a bheith páirteach agus is mar gheall ar sin a scríobh muid ár ndráma “An Dialann” atá faoin nGorta Mór. Thaitin sé go mór leis na daoine a bhí ann agus bhí muid an-sásta a bheith páirteach.

Posted in Brat Buí, Imeachtaí Speisialta, Seanphoist - 2012/2013 | 1 Comment »

Rang 6 sa Chróit

Posted by M. Brian on 11th June 2013

Seo cuid de na rudaí a scríobh Rang a 6 faoin turas go dtí an Chróit:

 

Fuair muid bus go Baile Átha Cliath agus ansin bhuaill muid le Gaelscoil Bhaile Brigín. Bhí Jordan, Fiachra, Rían, Amy, Liadán agus Áine ann ó Ghaelscoil Bhaile Brigín. Fuair muid eitleán go Zadar na Cróite agus bus ó aerfort Zadar go dtí Makarska. Is i Makarska a thosaigh muid ag caint leis na daoine ón Ghaelscoil eile i ndáiríre. Bhí siad an chairdiúil agus greannmhair agus nuair a bhí orainn dul abhaile bhí brón orainn. Fuair muid bus ar ais go dtí Baile Locha Riach agus bhuail muid lenár dtuismitheoirí.

Caoilte

 

Bhí muid i nGradac na Cróite agus chuaigh muid go dtí an trá. Bhuaigh muid an dhá cluiche sacair ach chaill muid an Euroball. Bhí Hostel Jedro an deas.

Jack

I nGradac chuaigh muid go dtí an scoil agus rinne muid rang eolaíochta. Bhí sé go mhaith. D’imir muid cluiche peile agus bhuaigh muid. Chuaigh muid ag iascaireacht ar an mbád agus bhris an bád síos 4 uair.

Arboretum: chuaigh muid go dtí áit a bhí lán le planda. Chonaic muid crann an-mhór, bhí se 500 bliana d’aois.

Paddy.

 

Rinne muid a lán cairde nua sa Chróit. Is as Gaelscoil Bhaile Brigín iad ár gcairde nua. D’éirigh muid cairdiúil leo nuair a bhí muid ar an mbus ó Zadar go dtí Makarska ar an gcéad lá. Bhí am iontach againn leo. Chuaigh muid ar bád leo agus ag iascaireacht agus d’ith muid “sladoled” (uachtar reoite) leo. Bhí am iontach againn sa Chróit.

Eibhlín.     

Posted in Comenius, Seanphoist - 2012/2013 | 3 Comments »

Bolcáin

Posted by M. Máire Treasa on 30th May 2013

Ar an Luan rinne muid turgnamh áit gur bhain muid úsáid as fínéagar, púdar bácála, agus balún. D’éirigh linn an balún a bhí ar bharr an bhuidéal a shéideadh. Séard a tharla ná nuair a mheasc muid an fínéagar agus an púdar bácála le chéile chruthaigh sé gas taobh istigh den bhuidéal. Theastaigh spás ón ngas seo mar sin shéid sé an balún.

Posted in Eolaíocht agus Matamaitic, Seanphoist - 2012/2013 | 1 Comment »

Posted by pmaglionain3107 on 29th May 2013

Posted in Comenius, Seanphoist - 2012/2013 | 4 Comments »

Posted by pmaglionain3107 on 29th May 2013

Posted in Comenius, Seanphoist - 2012/2013 | 2 Comments »