Gaelscoil Riabhach

Ár suíomh blag

  • Gaiscí Scoile – Achievements

Archive for the 'Seanphoist 2013/2014' Category

Seó Puipéad

Posted by M. Brian on 20th August 2014

Rinne muid seó puipéad ag deireadh na bliana – An Dragan a bhí Fail air. Chum na páistí an ceol agus rinne siad na puipéid. Seiceáil amach na físeáin!

Enjoy these videos of the puppet show we made at the end of last year – the children performed the music and made the puppets themselves!

[media id=50]

[media id=51]

Posted in Ár bPodchraolta/ Podcasts - Raidió Riabhach, Imeachtaí Speisialta, Seanphoist 2013/2014 | 9 Comments »

Turas Scoile Rang 1

Posted by M. Máire Treasa on 25th June 2014

Ag tús na míosa seo chuaigh Rang 1 ar thuras lae go Bun Ráithe agus Craggaunowen.

I mBun Ráithe fuair siad deis breathnú timpeall an chaisleán agus an baile beag a bhí acu fadó. Chomh maith leis sin thug muid cuairt ar Craggaunowen. Áit go bhfuair siad eolas ar an chaoi gur chaith daoine an saol fadó agus iad ina gcónai i gcrannógaí.

 

Bun Ráithe 1 Bun Ráithe 2 Bun Ráithe 3 Bun Ráithe 4 Bun Ráithe 5 Bun Ráithe 6

Posted in Seanphoist 2013/2014 | 2 Comments »

Sábháilteacht Bóthar

Posted by M. Máire Treasa on 25th June 2014

Cúpla sheachtain ó shin thug muid cuairt ar an halla áitiúla áit a ghlac na páistí i gceardlann beag faoi sábháilteacht bóthar. Fuair siad deis iontach agus bhain siad an-sásamh agus leas. RSA 1 RSA 2 RSA 3 RSA 4 RSA 5 RSA 6 RSA 7 RSA 8 RSA 9 RSA 10 RSA 11 RSA 12 RSA 13

Posted in Seanphoist 2013/2014 | No Comments »

Cillín na bPáistí

Posted by pmaglionain3107 on 23rd June 2014

Thug muid cuairt ar Chillín na bPáistí inniu ar chúl Páirceanna San Labhras agus ó thuaidh den scoil. Baineann an pháirc seo le dhá thréimhse staire. B’áit chónaithe na lobhar é fadó, nuair nach raibh cead ag daoine leis an galar seo cónaí sa bhaile meánaoiseach. I ndiaidh sin ba reilig nó ‘cill’ é do pháistí nach raibh báistithe san Eaglais Caitliceach.

Cillin na bPaisti cillin na bpaisti2 cillin na bpaisti3 Cillin na bPaisti4

Posted in Brat Buí, Brat Glas, Seanphoist 2013/2014 | 10 Comments »

Bua sa Chomórtas Raidió Seachtain na Gaeilge!

Posted by M. Brian on 9th May 2014

PicBAIGaelScoilRiabhach

Fuair muid nuacht iontach le déanaí – bhuaigh muid an comórtas Clár Raidió i Seachtain na Gaeilge arís! Seo í an tríú bliain as a chéile dúinn an comórtas a bhuachaint agus tá muid an-sásta! Chuaigh muid go Baile Átha Cliath ar an Máirt chun an duais a fháil in oifigí Udarás Craolacháin na hÉireann.

We got great news recently – we won the radio programme competition in Seachtain na Gaeilge again! This is our third year in a row to win this competition in which we wrote, performed and recorded our own half hour radio programme. On Tuesday we went to the Broadcasting Authority of Ireland in Dublin to collect our award!

Posted in Ár bPodchraolta/ Podcasts - Raidió Riabhach, Seanphoist 2013/2014 | 4 Comments »

Sicín Scoile!!

Posted by pmaglionain3107 on 1st April 2014

sicín

 

Tháinig an chéad shicín scoile amach ar maidin. Tá dhá cheann eile ag briseadh amach faoi láthair. Cén t-ainm gur chóir a chur air/ uirthi? Scríobh freagra ar an mblag.

Posted in Brat Glas, Eolaíocht agus Matamaitic, Seanphoist 2013/2014 | 3 Comments »

Uibheacha sa Ghoradáin

Posted by pmaglionain3107 on 28th March 2014

sicini uibheacha

 

Tá na huibheacha sa ghorradáin lasmuigh den oifig. Inniu an 14ú lá dóíbh a bheith ann. Is fada linn go dtiocfaidh na sicíní amach.

Posted in Brat Glas, Eolaíocht agus Matamaitic, Seanphoist 2013/2014 | 1 Comment »

Cuairt ar Chnoc Cairmil

Posted by pmaglionain3107 on 28th March 2014

An tseachtain seo chaite chuaigh muid chuig an Mainistir suas baile agus bhuail muid leis an tSiúr Mary Magdalene. Chuir muid cúpla ceisteanna uirthi. Dúirt sí linn nach gceiliúrann siad breithlaethanta, ach piocann siad naomh a thaitníonn leo, agus ceiliúrann siad lá an naoimh sin. Freisin, thug siad cuireadh dúinn teacht síos arís ar lá Naomh Treasa an Blátha Bhig a ceiliúradh. Is maith le Mary Magdalene a bheith ina bean rialta mar gheall go bhfuair sí níos gaire do Dhia. Bhreathnaigh sí an- sásta a bheith ina ban rialta. Dúirt sí an am gur fhág sí an mainistir ná mí ó shin!!!!!!!!!!! Dúirt sí linn go bhfuil teilifís acu agus fón póca an duine, seinneann cúpla duine acu uirlisí ceol, go bhfuil cantóirí maithe ann, go mbíonn cúpla cóisir acu agus go ndéanann siadsan ceol.

Posted in Brat Buí, Imeachtaí Speisialta, Seanphoist 2013/2014 | No Comments »

Dhá Phodchraoladh nua!

Posted by M. Brian on 27th March 2014

Seo chugaibh dhá phodchraoladh nua de chuid Raidió Riabhach!

Ar dtús, sceitse a scríobh páistí R4 don chomórtas Raidió Sheachtain na Gaeilge. Ta ainmhithe ag dul amú, ach cé atá freagrach? Seo é an Táin Bó Spáis!

[media id=48 height=20]

Agus anseo, chuir muid agallamh ar an Easpag Seán Ó Ciarba. Labhraíonn an tEaspag faoina aois óg, a shaol mar shagart, múinteoir agus easpag, agus a chuid oibre le Trócaire.

[media id=49 height=20]

Posted in Ár bPodchraolta/ Podcasts - Raidió Riabhach, Brat Buí, Seanphoist 2013/2014 | 1 Comment »

Na fir dóiteán.

Posted by anifhlatharta7948 on 27th March 2014

Tháinig cuairteoirí chuig na Naíonáin cupla seachtain ó shin. Bhí an-spraoi againn ag breathnú ar an treallamh ar ar fad a bhí acu agus ag foghlaim conas a bheith sábhailte timpeall ar thinte.

 

010 001 011

Posted in Seanphoist 2013/2014 | 2 Comments »