An Díospóireacht Mhór
Posted by M. Brian on 02/05/2013
- An Díospóireacht Mhór
- An Fhoireann Díospóireachta
- An Cathaoirleach agus na Captaein!
Ba lá mór é inniu – bhí An Díospóireacht Mhór ar siúl i dTeach na Cúirte i mBaile Locha Riach. Bhí ceithre Ghaelscoil páirteach ann, muid féin, Gaelscoil Mhichíl Cíosóig, Gaelscoil De hÍde agus Gaelscoil an Bhradáin Feasa. Bhí ceithre rún ann agus dhá fhoireann in aghaidh na scoile. Díospóireacht iontach suimiúil de chaighdeán ard a bhí ann. Mar sin ba mhór an onóir dúinn an corn a bhuachaint! Tar éis sin bhí cluichí cairdiúla iománaíochta idir na scoileanna ar fad. Bhí muid an-bhuíoch dár gcairde sna scoileanna eile as teacht agus bhí an-spraoi againn. Beidh muid ag súil go mór leo a fheiceáil arís an bhliain seo chugainn!



May 3rd, 2013 at 8:24 pm
An Mhaith ar fad Bhuaigh muid ;-)))()(((
May 23rd, 2013 at 5:45 pm
BHUAIGH MUID É I GCOMHAR AN CEAD UAIR RIAMH
YEAH 🙂 🙂 🙂 🙂