Mí Eanáir i seomra na naíonán
Posted by moleary4099 on 30/01/2014
‘Tús maith; leath na hoibre.’ Ar ndóigh, tá tús maith bainte amach ag na naíonáin bheaga san ath-bhliain.
D’fhoghlaimear faoi ‘Shogatsu’ agus rinneamar iarrachta scríbhneoireacht seapánach a léiriú go healaíonta:
Táimid ag foghlaim faoi dátaí na míosa le cabhair ónár gcrann ranga. Gach lá cuirimid duilleog eile ar an gcrann. An féidir leat oibriú amach cén dáta ar a tógadh an grianghraf seo?
D’fhoghlaimear faoi sean-rudaí agus rudaí nua inár gceachtanna staire agus d’oibríomar i ngrúpaí chun rudaí a sórtáil faoi na teidil ‘sean’ agus ‘nua.’
Thógamar isteach sean-bhreágáin le taispeáint don rang agus bhí seisiún spéisiúil ‘Taispeáin is inis’ againn sa rang:
Phéinteáileamar postaer daite le chéile chun comhartha fáilte a chruthú don doras. Tá ár gcuid obair ghrúpa ag feabhsú an t-am ar fad:
Táimid ag súil go mór le mí iontach eile amach romhainn agus idir an dá linn, leanaimid orainn a bheith ceanúil ar a chéile:




