Gaelscoil Riabhach

Ár suíomh blag

  • Gaiscí Scoile – Achievements

Foghlaim chomhoibritheach i rang a trí

Posted by moleary4099 on 01/06/2017

An tseachtain seo, d’fhoghlaim rang a trí faoi ghnéithe éagsúla den eolaíocht trí fhoghlaim chomhoibritheach. Mar sin, léigh gach grúpa leabhar difriúil. Léigh gach duine i ngach grúpa leathanaigh dhifriúla sa leabhar céanna. Ansin, d’inis siad dá ngrúpa faoin méid a d’fhoghlaim siad sa leabhar. Mar sin, d’fhoghlaimíomar óna chéile.

Ansin, chláraigh gach grúpa a eolas nua. Ina dhiaidh sin, bhog gach duine go grúpa nua agus roinn siad a eolas nua óna leabhair le chéile. Bhí sé an-spéisiúil ag éisteacht leis an bplé idir na daltaí.

 

Ag léamh agus ag clárú i ngrúpa beag.

Ag clárú agus ag oibriú le chéile.

Ag clárú le chéile.

Ag labhairt faoi leabhair éagsúla i ngrúpaí nua le cabhair ónár nótaí/bpictiúir (agus ag baint an-sult as!).

Leave a Reply



XHTML: You can use these tags: <a href="" title=""> <abbr title=""> <acronym title=""> <b> <blockquote cite=""> <cite> <code> <del datetime=""> <em> <i> <q cite=""> <s> <strike> <strong>

*