Gaelscoil Riabhach

Ár suíomh blag

  • Gaiscí Scoile – Achievements

  • Tacaigh linn – support us!

    Tacaigh leis an scoil – Ceannaigh bríce anseo!

    Support our school fundraiser – Buy a brick here!

Aíonna Aibreáin: Muireann Ní Bhaoill

Posted by Áine Ní Riain on 13/04/2018

Tháinig an t-iarrscoláire Muireann Ní Bhaoill ar cuairt chuig Naíonáin Bheaga inniu. Is ceoltóir, scríbhneoir agus múinteoir ceoil í Muireann. Tá sí ag déanamh staidéar ar cheol san ollscoil chomh maith! Sheinn sí ceol traidisiúnta ar an gconsairtín dúinn. Bhí Ciara sásta rince gaelach a dhéanamh dúinn nuair a bhí Muireann ag seinm. Bhain muid an-taitneamh as!! Scríobhann Muireann amhráin i nGaeilge agus faoi láthair tá a hamhrán ‘Déan é’ le cloisteáil ar 2fm agus ar RnaG.   Tá neart gradam buaite aici agus tá muid cinnte go mbeidh Muireann le cloisteáil go minic ar an raidió amach anseo!!

Leave a Reply



XHTML: You can use these tags: <a href="" title=""> <abbr title=""> <acronym title=""> <b> <blockquote cite=""> <cite> <code> <del datetime=""> <em> <i> <q cite=""> <s> <strike> <strong>

*