Ár Scoil
Is bunscoil il-chreidmheach í Gaelscoil Riabhach i mBaile Locha Riach, Co. na Gaillimhe, a mhúineann tri mheán na Gaeilge. Bhunaigh grúpa tuismitheoirí an scoil i 2000 chun oideachas a chur ar fail tri mheán na Gaeilge.
Eolas Teagmhála:
Seoladh: Gaelscoil Riabhach, Baile Locha Riach, Co. na Gaillimhe
Fón: 091 847865
Ríomhphost: oifig@gaelscoilriabhach.ie
Ráiteas Físe na Scoile
(scroll down for English)
- Is Gaelscoil (bunscoil) il-chreidmheach í Gaelscoil Riabhach a chuireann fáilte roimh gach duine sa scoil mar comhionann agus a feidhmíonn mar phobal ina bhfuil an Ghaeilge mar chéad theanga.
- Tá sé mar mhisiún againn timpeallacht spreagúil, cineálta, sona agus sábháilte a chur ar fáil do na daltaí, mar spás inar féidir leo a gcumais agus a riachtanais a aimsiú agus gur féidir leo forbairt ann mar pháistí.
- Trí Chroí na Scoile cothófar meas ar an éagsúlacht atá sa scoil agus timpeall orainn sa saol.
- Beidh ról lárnach agus daonlathach, ó bhainistiú go rannpháirtíocht laethúil, ag tuismitheoirí na scoile.
- Iarrfaidh Gaelscoil Riabhach ionad oibre sábháilte agus sláintiúil a chur ar fáil do fhoireann na scoile.
- Comhlíonfaidh gach ball den fhoireann a ndualgaisí go gairmiúil.
School Mission Statement
- Gaelscoil Riabhach is a multi-denominational gaelscoil (primary school). Everyone is welcomed as an equal to the school and the school functions as a community in which Irish is the primary language.
- It is our mission to provide a motivating, kind, happy and safe environment for our students, as a space in which they can discover their abilities and needs and develop further as children.
- Through the School Core Curriculum (Croí na Scoile) respect will be developed for the diversity in the school and in the world around us.
- Parents will have a central and democratic role, from management to daily participation, in the life of the school.
- Gaelscoil Riabhach will strive to provide a healthy and safe work environment for its staff.
- All members of staff will fulfil their duties professionally.
Dán na Scoile
Is scoil ilchreidmheach í Gaelscoil Riabhach,
Le spórt agus foghlam bíonn na páistí gníomhach.
‘Sí an Ghaeilge ár dteanga agus labhraíonn muid í,
Istigh sna seomraí is amuigh ag spraoi.
Is áit í seo atá slán sábháilte,
Roimh ‘chuile dhuine cuireann muid fáilte.
Do gach chultúr taispeánann muid meas.
Le gach aon duine bíonn muid deas.