Gaelscoil Riabhach

Ár suíomh blag

  • Gaiscí Scoile – Achievements

  • Tacaigh linn – support us!

    Tacaigh leis an scoil – Ceannaigh bríce anseo!

    Support our school fundraiser – Buy a brick here!

Archive for the 'Brat Gníomhach' Category

Eitpheil – Na Tíogair Abú!

Posted by M. Brian on 23rd March 2018

D’éirigh go hiontach lenár bhfoireann eitpheile, Na Tíogair! Bhuaigh siad an comórtas réigiúnda Spikeball!

Mar sin, don tríú uair i gceithre bliana, d’éirigh le Gaelscoil Riabhach comórtas Uile-Éireann a bhaint amach. Is éacht é sin do Ghaelscoil Riabhach, agus caighdeán fíor-ard imeartha ag na gasúir.

Our Spikeball team Na Tíogair won the regional Spikeball Championship last week, beating last year’s All-Ireland winners along the way! By doing this they became the third team in four years from Gaelscoil Riabhach to reach the All-Ireland final stage, an amazing achievement for our school in a very strong competition!

Posted in Brat Gníomhach, Rang M. Brian, Spórt | No Comments »

Comórtas sacair

Posted by M. Brian on 23rd March 2018

Ghlac muid páirt i gcomórtas sacair i rith na seachtaine. Bhí lá iontach ag an dá fhoireann!

Posted in Brat Gníomhach, Rang M. Brian, Spórt | No Comments »

Rugbaí

Posted by M. Brian on 23rd March 2018

Cúpla seachtain ó shin, ghlac Rang 4, 5 agus 6 páirt i gcluichí rugbaí cairdiúla. Rinne muid seisiúin traenála ar scoil chun na scileanna a fhoghlaim. Thaitin sé go mór le gach duine!

Posted in Brat Gníomhach, Rang M. Brian, Rang M. Síle, Spórt | No Comments »

Shroich muid Londan!!!

Posted by Áine Ní Riain on 12th March 2018

Tá an scoil ar fad ag fáil an aclaí na leathanta seo. Tá muid go léir ag glacadh páirt sa dúshlán ‘Rith Timpeall na hEorpa’. Tá gach rang ag rith an t-achar ó Gaelscoil Riabhach go príomhchathracha éagsúla san Eoraip. Bhí ar Naíonáin Bheaga 603km a rith chun Londan a shroicheadh!

 

Posted in Brat Gníomhach | No Comments »

Scipeatón!

Posted by Áine Ní Riain on 12th March 2018

Ghlac Naíonáin Bheaga páirt sa scipeatón an tseachtain seo chaite. Bhailigh muid thart ar €1700 le haghaidh fearas clóis nua. Bhí gach rang ag scipeáil ag amanna áirithe i rith an lae. Thaitin sé go mór le Naíonáin Bheaga foghlaim conas scipeáil. Rinne muid an-chuid chleachtadh chun fáil réidh don scipeatón. Anois bíonn muid ag scipeáil go minic, ar an gclós agus sa bhaile!

Posted in Brat Gníomhach, Rang M. Áine | No Comments »

Tá Rang a hAon ag éirí níos aclaí gach lá

Posted by dmaccrosain9329 on 3rd March 2018

Déanann Rang a hAon 10@10 go laethúil agus cabhraíonn sé go mór linn díriú isteach ar an bhfoghlaim don chuid eile den lá.

Posted in Brat Gníomhach, Rang M. Dairíne, Spórt | No Comments »

Tá Páras sroichte ag Rang a hAon!

Posted by dmaccrosain9329 on 20th February 2018

Tá páistí Rang a hAon chomh bródúil gur éirigh leo rith chomh fada le Páras mar chuid den Bhrat Gníomhach. 905km a ritheamar san iomlán! Mar cheiliúradh beag bhí croissants againn agus iad tuillte go maith acu.  Bravo!

Posted in Brat Gníomhach, Rang M. Dairíne, Spórt | No Comments »

Ag Rith go dtí Beirlín!

Posted by enicdhonncha1197 on 18th February 2018

Mar chuid den obair i gcóir an brat gníomhach le déanaí thug Múinteoir Áine tasc dúinn rith go dtí an Bheirlín. Ní raibh orainn dul thar lear dár ndóigh ach rith timpeall an chlós uair amháin do gach km idir Baile Locha Riach agus Beirlín. Chríochnaigh muid ár 1,472 cuairt ar an chlós an tseachtain seo caite agus, mar ceiliúradh, d’fhoghlaim muid go leor faoin gcathair spéisiúl seo. Thug dalta amháin carta phoist isteach le fíor-phíosa den Balla Beirlín agus mhúin dalta eile cúpla phrása Gearmáinis dúinn.

Ag tnúth go mór lenár gcéad tasc eile 🙂

Posted in Brat Gníomhach, Rang M. Eilís, Spórt | No Comments »

Gleacaíocht i rang a trí

Posted by moleary4099 on 7th February 2018

Táimid an-shásta lenár dul chun cinn sa ghleacaíocht cheana féin!

Posted in Brat Gníomhach, Rang M. Maria, Spórt | No Comments »

Damhsa i Rang 2

Posted by enicdhonncha1197 on 4th February 2018

Tá muid tar éis an-chraic a bheith againn ag foghlaim damhsa i mí Eanáir. In ionad dul ag an halla uair amháin sa seachtain rinne muid cinneadh é a dhéanamh sa seomra ranga uair nó dhó chuile lá. Mar sin bhí muid thar a bheith gníomhach ag foghlaim dhá damhsa ina iomlán (Stamina le SIA agus Dance le Justin Timberlake).

Posted in Brat Gníomhach, Rang M. Eilís, Spórt | No Comments »