Gaelscoil Riabhach

Ár suíomh blag

  • Gaiscí Scoile – Achievements

  • Tacaigh linn – support us!

    Tacaigh leis an scoil – Ceannaigh bríce anseo!

    Support our school fundraiser – Buy a brick here!

Archive for the 'Imeachtaí Speisialta' Category

Turas scoile Rang 2

Posted by enicdhonncha1197 on 25th June 2018

Bh an-lá go deo againn ar ár dturas scoile i mbliana. Bhí muid le Rang 1 in Institiúd Teicneolaíocht Áth Luain agus bhíomar ag rith, ag dreapadh, ag preabadh agus ag rothaíocht. Bhí obair fóirne i gceist an t-am ar fad agus bhí mé in ann forbairt na páistí thar na bliana a fheiceáil – an chaoi go raibh siad ag tabhairt aire agus tacaíocht dá chéile. Bhí iompar den scoth acu uilig don lá ar fad fresin agus bhí mé thar a bheith bródúil astu.

Thóg sé níos mó ná 20 nóiméad don chailín seo dreapadh suas an rud seo. Nuair a shroich sí an barr rith an rang ar fad go dtí bun an sleamhnán chun bualadh bos mór a thabhairt di mar gheall ar crógacht agus seasmhachas!

Obair fóirne – cé mhéad bricí gur féidir leo cur ar droim a gcara 🙂

Ní raibh éinne gortaithe! Bhain siad an taitneamh as seo…

Na ‘humans’ a thit ar an gcaisleán preabadh ollmhór seo – ar a laghad chonaic siad an taobh greanmhar den scéal 😀

Posted in Brat Gníomhach, Imeachtaí Speisialta, Rang M. Eilís, Spórt | No Comments »

Turas Scoile Rang a hAon

Posted by dmaccrosain9329 on 22nd June 2018

Bhí an-lá go deo againn ag déanamh lúthchleasaíocht agus gníomhaíochtaí  spraíúla agus spóirtiúla in ionad spóirt Institiúd Teicneolaíochta Atha Luain.

 

Posted in Brat Gníomhach, Rang M. Dairíne, Spórt | No Comments »

Corn Kyle Mhic Bhrian 2018

Posted by Áine Ní Riain on 21st June 2018

Bhí an-lá againn inné ag glacadh páirt sa comórtas iománaíochta Corn Kyle Mhic Bhrian. Thaispeáin na páistí an-spiorad foirne agus comhimirt! Bhí scéitimíní orainn go léir nuair a tháinigh Joe Cannin g ó fhoireann na Gaillimhe chuig an mbronadh.

 

Posted in Brat Gníomhach, Spórt | No Comments »

Turas scoile rang a trí

Posted by moleary4099 on 14th June 2018

Bhí turas scoile den chéad scoth ag rang a trí. Chuamar go Baile Átha Cliath chuig Áras Nua-Ealaíne na hÉireann (IMMA www.imma.ie) agus ansin chuig zú Bhaile Átha Cliath (www.dublinzoo.ie). Bhí an-lá go deo againn!

Posted in Imeachtaí Speisialta, Rang M. Maria | No Comments »

Spórt agus spraoi le linn Seachtain Ghníomhach na bliana seo!

Posted by dmaccrosain9329 on 13th June 2018

Bhí an-chraic go deo againn an tseachtain seo caite ag déanamh spóirt agus aclaíocht chuile lá.

 

 

Posted in Brat Gníomhach, Imeachtaí Speisialta, Rang M. Dairíne, Spórt | No Comments »

Seachain an Liathróid!

Posted by enicdhonncha1197 on 8th June 2018

Chun deireadh cheart a cur le Seachtain Gníomhach 2018 d’eagraíodh an comórtas mór tráthnóna Dé hAoine. Is cosúil gur tradisiún anois é an cogadh mór ‘Seachain an Liathróid’ idir na múinteoirí agus Rang 6. Cé go raibh sé thar a bheith iomaíoch buí sé thar a bheith spóirtiúl agus spraoíúl fresin. Ag deireadh an lae bhuaigh Rang 6 an chéad cluiche agus bhuaigh na múinteoirí an dara cluiche (don chéad uair riamh!). Ní raibh muid in ann an tríú cluiche a imirt mar thosaigh an báisteach – an ndearfaimid gur cómhscór é sin?? ;D

Roinnt pictiúrí a léiríonn an craic ar an lá – go raibh maith agaibh Lauren agus Caoimhe as ucht iad a glacadh.

Posted in Brat Gníomhach, Gaelbhratach, Imeachtaí Speisialta, Rang M. Áine, Rang M. Áine Máire, Rang M. Brian, Rang M. Dairíne, Rang M. Eilís, Rang M. Maria, Rang M. Síle, Spórt | No Comments »

Lá na seanóirí

Posted by enicdhonncha1197 on 2nd June 2018

Bhí lá iontach againn ar an Aoine ag ceiliúradh éagsúlacht  sa phobal scoile. Tháinig thart ar 20 sean tuismitheoirí (agus sean aintín amháin!) ar cuairt chuig seomra rang 2. Chuir muid agallamh orthu faoin saol nuair a bhí siad óg agus saol ar scoil ach go hárraithe. Bhí freagraí thar a bheith spéisiúl acu agus bhaineamar ar fad an-taitneamh as an ócáid.

 

Posted in Brat Buí, Rang M. Eilís | No Comments »

Aíonna Aibreáin – Garda Joe

Posted by dmaccrosain9329 on 20th May 2018

Tháinig garda Joe ó Chonamara ar cuairt chugainn an tseachtain seo caite. Labhair sé linn faoina phost agus bhí deis ag na gasúir glas láimhe a chur orthu féin.

 

Posted in Gaelbhratach, Imeachtaí Speisialta, Rang M. Dairíne | No Comments »

Ag dul sa seans…

Posted by M. Brian on 3rd May 2018

Tá muid ag foghlaim faoi sheans sa mhatamaitic. Rinne muid cúpla gníomhaíocht – ag caitheamh dísle, ag tarraingt cnaipe daite as mála agus ag caitheamh bonn airgid. Bhí na torthaí an-suimiúil! Rinne muid os cionn 700 caitheamh leis na boinn agus chríochnaigh sé suas an-ghar do 50/50! Chaith muid dísle 480 uair agus arís bhí na torthaí an-ghar do 1 as 6 do gach uimhir!

Posted in Eolaíocht agus Matamaitic, Rang M. Brian | No Comments »

Aíonna Aibreáin – Éamon Ó Cuív T.D.

Posted by M. Brian on 2nd May 2018

Tháinig Éamon Ó Cuív T.D. ar cuairt chugainn an tseachtain seo caite. Labhair sé linn faoina shaol mar theachta dála, faoin nGaeilge, faoina chuid scolaíochta féin, agus faoin mBreatimeacht fiú! Freisin, d’inis sé a lán scéalta dúinn faoina sheanathair Éamon De Valera – ag dul ar cuairt go dtí Áras an Uachtaráin agus ag imirt peile agus iománaíochta sna gairdíní ann – agus an scéal iontach faoin uair ar chabhraigh Michael Collins leis briseadh amach as príosún! Beidh muid ag cur cuid den agallamh a chuir muid air amach mar phodchraoladh go luath!

Posted in Gaelbhratach, Imeachtaí Speisialta, Rang M. Brian | No Comments »