Gaelscoil Riabhach

Ár suíomh blag

  • Gaiscí Scoile – Achievements

Archive for the 'Brat Buí' Category

Garraí na mBocht

Posted by M. Brian on 17th June 2013

Ar an Aoine chuaigh muid go dtí oscailt oifigiúil Garraí na mBocht, ag Otharlann Naomh Breandáin. Is reilig í ina bhfuil na céadta daoine a chailleadh i rith an Ghorta Mhóir curtha. Socraíodh gairdín poiblí a dhéanamh ann in onóir na ndaoine atá curtha ann, agus breathnaíonn sé go hálainn. Tugadh cuireadh dúinn a bheith páirteach agus is mar gheall ar sin a scríobh muid ár ndráma “An Dialann” atá faoin nGorta Mór. Thaitin sé go mór leis na daoine a bhí ann agus bhí muid an-sásta a bheith páirteach.

Posted in Brat Buí, Imeachtaí Speisialta, Seanphoist - 2012/2013 | 1 Comment »

An Díospóireacht Mhór

Posted by M. Brian on 2nd May 2013

Ba lá mór é inniu – bhí An Díospóireacht Mhór ar siúl i dTeach na Cúirte i mBaile Locha Riach. Bhí ceithre Ghaelscoil páirteach ann, muid féin, Gaelscoil Mhichíl Cíosóig, Gaelscoil De hÍde agus Gaelscoil an Bhradáin Feasa. Bhí ceithre rún ann agus dhá fhoireann in aghaidh na scoile. Díospóireacht iontach suimiúil de chaighdeán ard a bhí ann. Mar sin ba mhór an onóir dúinn an corn a bhuachaint! Tar éis sin bhí cluichí cairdiúla iománaíochta idir na scoileanna ar fad. Bhí muid an-bhuíoch dár gcairde sna scoileanna eile as teacht agus bhí an-spraoi againn. Beidh muid ag súil go mór leo a fheiceáil arís an bhliain seo chugainn!

Posted in Brat Buí, Seanphoist - 2012/2013 | 2 Comments »

Drámaíocht

Posted by pmaglionain3107 on 23rd February 2013

Mar chuid de Chroí na Scoile le déanaí i Rang a hAon agus Rang a Dó bhí na páistí i mbun míme. B’é an téama a bhí againn ná ullmhúcháin agus a chaoi ina n-ullmhaíonn muid d’ócáidí móra in ár saolta. Ina dhiaidh sin pléadh an t-ullmhúchán a bhí le déanamh ag Íosa sula ndeachaigh sé i mbun teagaisc agus an bealach ina n-ullmhaíonn Críostaithe don Cháisc.

 

Posted in Brat Buí, Seanphoist - 2012/2013 | 1 Comment »

Creidimh na hIndia

Posted by M. Brian on 2nd December 2012

D’fhoghlaim muid faoin bhféile Indiach Díbhealaí agus faoin Saíceachas le déanaí. Seo cúpla físeán a rinne muid faoi chreidimh na hIndia.

[media id=28]

[media id=29]

 

Posted in Brat Buí | 2 Comments »

Cuairteoirí Saíceacha

Posted by M. Brian on 26th November 2012

Tháinig cuairteoirí speisialta chugainn inniu chun labhairt linn faoin gcreideamh Saíceach, ar a bhfuil muid ag déanamh staidéar an mhí seo i gCroí na Scoile. Labhair siad faoi na nósanna agus traidisiúin atá acu agus thaispeáin siad kirpan agus kanga (cíor gruaige) dúinn. Thaispeáin siad an t-éadach mór a úsáidtear don turban, agus an t-éadach a chaitheann na mná, ata níos faide fós! Scríobh siad na litreacha agus na huimhreacha ón bPunjab ar an gclár bán dúinn. Chuir siad “Bindi” ar chlár éadan na bpáistí fiú! Bhí siad an-lách agus thaitin an cuairt go mór linn.

 

Posted in Brat Buí, Seanphoist - 2012/2013 | 3 Comments »

Brat Buí!!!

Posted by pmaglionain3107 on 8th November 2012

Tá áthas an domhain orainn a fhógairt go bhfuil an Brat Buí againn. Ba muid an chéad scoil i gCúige Connacht chun é a fháil agus tá muid an-bhródúil den obair a rinneadh anuraidh. Chuaigh dream ón scoil chun é a fháil Dé Máirt seo caite agus ba mhór an onóir é a fháil ó John Joe Nevin, an buaiteoir boinn Oilimpigh. Is scoil il-chreidmheach í Gaelscoil Riabhach agus is siombal é an Brat Buí den fáilte a chuirtear sa scoil roimh gach éinne agus den obair a dhéantar an t-am ar fad i gCroí na Scoile. An mhí seo céard a bhéas ar siúl againn nó á foghlam againn chun Croí na Scoile a láidriú?

We are delighted to announce that we have been awarded the Yellow Flag. We were the first school to be awarded the flag in Connacht and are so proud of all the great work done last year. A group went from the school last Tuesday to accept the flag in Dubin, from Olympic Medalist John Joe Nevin. Gaelscoil Riabhach is a multi-denominational school and the Yellow Flag is a symbol of the welcome that our school extends to all and the work that is done continuously through our Croí na Scoile (Core Curriculum). What work will our school be doing this month in Croí na Scoile???

Posted in Brat Buí | 3 Comments »

Ilchineálachas agus ilchultúrachas

Posted by pmaglionain3107 on 29th July 2012

Tá áthas an domhain ar Ghaelscoil Riabhach go bhfuil dhá sceal faighte againn a bhéas ag cur go mór lenár n-eiteas ilchreidmheach. Le bliain anuas bhí neart oibre ar siúl againn chun stádas Bhrat Buí a bhaint amach agus tá an nuacht tagtha chugainn go bhfuil an Brat le bronnadh orainn i Mí Dheireadh Fómhair. Anuas ar sin fuair muid fógra gur ghlacadh lenár n-iarratas ‘Euroball’, tionscamh Eorpach faoin scéim Comenius a cheanglaíonn ár scoil le sé scoil eile fud fad na hEorpa. Tá maoiniú cuimsitheach tugtha don tionscnamh agus tá muid ag súil go mór le dul i mbun oibre lenár bpáirtithe sa Spáinn, sa Tuirc, san Ungáir, sa Bhulgáir, sa Chróit agus i mBaile Brigín, Baile Átha Cliath. Ag súil go mór le Bliain Úr agus tuilleadh forbairtí i nGaelscoil Riabhach.

Great News!! Yellow Flag in the Bag!! Our school highly praised for its work on diversity and interculturalism.

New funding granted for a European Project with our European partners!! over the next two years

Posted in Brat Buí, Comenius | 3 Comments »

An Brat Buí

Posted by dodonnchu7673 on 17th June 2012

Bhí maidin an-speisialta go deo againn an Aoine seo caite i nGaelscoil Riabhach. Tháinig cuairteorí isteach chugainn chun measúnú a dhéanamh ar an obair ar fad a rinneamar i rith na bliana ó thaobh an Brat Buí de. Bhuail na moltóirí leis an gCoiste Bhrat Buí agus de réir dealramh bhí siad thar a bheith sásta leis an sár-éacht a bhí deanta againn! Mo cheol sibh, a pháistí! 🙂

Táimid uilig ag tnúth le dea-scéal gan mhoill ó na moltóirí.

Posted in Brat Buí | 13 Comments »

Oíche Buí an Mheithimh

Posted by pmaglionain3107 on 15th June 2012

Posted in Brat Buí | 16 Comments »

Seachtaine Idirchultúrtha

Posted by pmaglionain3107 on 17th May 2012

Roimh briseadh na Bealtaine eagraíodh Seachtain Idirchultúrtha sa scoil. Leagadh béim le linn na seachtaine sin ar ilchineálachas na scoile a cheiliúradh. Tugadh cuireadh do thuismitheoir ón tSeirbia labhairt le ranganna, tugadh caint dúinn ar phaistí le míchumais fhisiciúla, tháinig mná isteach i mbun ceardlann ó Ghluaiseacht Lucht Siúil na Gaillimhe agus bhí Lá Ilchineálachais againn. Ardaíodh bratacha éagsúla timpeall an chlóis chun ár n-éagsúlacht a léiriú agus ní raibh ar na páistí éadaí scoile a chaitheamh.

Posted in Brat Buí | 1 Comment »