Gaelscoil Riabhach

Ár suíomh blag

  • Gaiscí Scoile – Achievements

  • Tacaigh linn – support us!

    Tacaigh leis an scoil – Ceannaigh bríce anseo!

    Support our school fundraiser – Buy a brick here!

Archive for the 'Comenius' Category

An Ungáir – Magyarország

Posted by M. Brian on 25th March 2013

[media id=40 height=20]

Bhí muid ag foghlaim faoin Ungáir – ceann de na tíortha ina bhfuil cairde Comenius againn. D’fhoghlaim muid faoi stair agus tíreolaíocht na tíre, agus faoi dhaoine cáiliúla ón Ungáir freisin. I measc na ndaoine ar a rinne muid staidéar bhí Ferenc Liszt, Béla Bartok, Zoltan Kodaly, Béla Lugosi, Laszlo Biro, Erno Rubik, Judit Polgar, Ferenc Puskas, Michael Curtiz, Zsa Zsa Gabor agus Harry Houdini. Rinne muid an podchraoladh seo mar chuid den Seó Raidió a chur muid le chéile do chomórtas Sheachtain na Gaeilge.

 

 

Posted in Ár bPodchraolta/ Podcasts - Raidió Riabhach, Comenius, Seanphoist - 2012/2013 | 2 Comments »

Comenius: Tasc a hAon

Posted by pmaglionain3107 on 30th January 2013

leathanach próifíle Gaeilge/ Béarla

Rang a Cúig agus Rang a Sé: Ní mór daoibh an nasc seo thuas a chliceáil agus an foirm atá air a líonadh. Scríobhann tú abairtí maithe do ‘chuile bhosca agus cuireann tú griangraf dod’ aghaidh leis ar bharr ar dheis. Molann muid gur chóir daoibh an taobh Ghaeilge a scríobh ar dtús agus ansin an Béarla, ionas nach bhfuil sibh ag aistriú…cuirfidh an t-aistriúchán moill oraibh. Nuair atá sé críochnaithe agat seolann tú é go dtí do mhúinteoir. Má bhíonn aon chabhair uait fiafraigh é le do mhúinteoir. Go n-eirí libh agus bígí ag léamh faoin Ungáir le haghaidh taisc a dó!


Posted in Comenius | 2 Comments »

Comenius

Posted by pmaglionain3107 on 19th November 2012

Posted in Comenius | No Comments »

Ár bPáirtithe Eorpacha

Posted by pmaglionain3107 on 24th October 2012

Seo roinnt phictiúr de na gasúir sna scoileanna atá ceangailte linn don obair Comenius. Cén rudaí atá mar an gcéanna eadrainn agus cén rudaí atá difriúil?

Posted in Comenius | No Comments »

Pictiúir na hEorpa

Posted by pmaglionain3107 on 23rd October 2012

Seo iad na pictiúir atá roghnaithe don chomórtas lógó Euroball. Beidh muid ag vótáil ar an Aoine!!

Roghnaigh an ceann gur fearr leat!!

Posted in Comenius | 42 Comments »

Céad chomórtas Comenius

Posted by pmaglionain3107 on 15th October 2012

D’eagraigh muid an chéad taispeántas ealaíne don tionscnamh Comenius sa scoil an tseachtaine seo chaite agus roghnaigh muid cúig lógó don chomórtas idir na scoileanna. Beidh sé sin ar siúl an tseachtain seo chugainn.


 

 

Posted in Comenius | No Comments »

Ilchineálachas agus ilchultúrachas

Posted by pmaglionain3107 on 29th July 2012

Tá áthas an domhain ar Ghaelscoil Riabhach go bhfuil dhá sceal faighte againn a bhéas ag cur go mór lenár n-eiteas ilchreidmheach. Le bliain anuas bhí neart oibre ar siúl againn chun stádas Bhrat Buí a bhaint amach agus tá an nuacht tagtha chugainn go bhfuil an Brat le bronnadh orainn i Mí Dheireadh Fómhair. Anuas ar sin fuair muid fógra gur ghlacadh lenár n-iarratas ‘Euroball’, tionscamh Eorpach faoin scéim Comenius a cheanglaíonn ár scoil le sé scoil eile fud fad na hEorpa. Tá maoiniú cuimsitheach tugtha don tionscnamh agus tá muid ag súil go mór le dul i mbun oibre lenár bpáirtithe sa Spáinn, sa Tuirc, san Ungáir, sa Bhulgáir, sa Chróit agus i mBaile Brigín, Baile Átha Cliath. Ag súil go mór le Bliain Úr agus tuilleadh forbairtí i nGaelscoil Riabhach.

Great News!! Yellow Flag in the Bag!! Our school highly praised for its work on diversity and interculturalism.

New funding granted for a European Project with our European partners!! over the next two years

Posted in Brat Buí, Comenius | 3 Comments »

Balla na hEorpa

Posted by pmaglionain3107 on 23rd November 2011

Posted in Comenius | No Comments »

Comenius

Posted by pmaglionain3107 on 14th November 2011

Chuaigh Múinteoir Pól chun na hÍsiltíre chun nascanna a chothú don scoil le scoileanna Eorpacha eile. Tá nasc tosnaithe againn le scoileanna i mBaile Átha Cliath, An Chróit, An Bhulgáir, An Tuirc, An Spáinn agus an Ungair. Beidh tuilleadh eolais agus beannachtaí ón ár gcairde nua le léamh ar an leathanach ‘Comenius’ ar an mblag seo. (Beidh an leathanach sin i mBéarla amháin ar dtús, ach cinnte míle failte le nótaí bheaga as Gaeilge ann freisin)

Posted in Comenius | 1 Comment »