Posted by enicdhonncha1197 on 17th May 2017
Thosaigh muid togra beag i mí Eanáir seo caite agus tá muid díreach tar éis é a chríochnú. Chuaigh muid ar siúlóid síos in aice leis an loch. Ghlac muid roinnt pictiúir agus ansin rinne muid an siúlóid céanna agus ghlac muid na bpictiúir céanna i mí Bealtaine. D’oibrigh muid i grúpaí ansin chun na cosúlachtaí agus na codarsnachtaí a aithint agus a chur in iúl.
Posted in Eolaíocht agus Matamaitic, Seanphoist - 2016/2017 | No Comments »
Posted by moleary4099 on 14th May 2017
Posted in Gaelbhratach, Seanphoist - 2016/2017, Spórt | No Comments »
Posted by moleary4099 on 8th May 2017
Posted in Gaelbhratach, Seanphoist - 2016/2017 | No Comments »
Posted by enicdhonncha1197 on 5th May 2017
Tháinig beirt iar-scoláirí chun labhairt linn maidir le cursaí eolaíochta agus a gcuid tograí don comórtas Channelle. Bhí an beirt acu roghnaithe don gearr liosta i mbliana. D’fhoghlaimid go leor maidir le bia madraí agus comh dáiríre is atá fadhbanna málaí scoile troime. Bhí neart ceisteanna ag na gasúir maidir le saol sa mheánscoil fresin. Go riabh míle maith agaibh Caron agus Laura!

Posted in Eolaíocht agus Matamaitic, Gaelbhratach, Seanphoist - 2016/2017 | No Comments »
Posted by moleary4099 on 28th April 2017
Bhí an-seachtain againn anseo i nGaelscoil Riabhach agus d’éirigh thar cionn le hAíonna Aibreáin i mbliana. Eagraíonn an coiste gaelbhrataí Aíonna Aibreáin gach bliain i nGaelscoil Riabhach chun an teanga a cheiliúradh agus tá sé ag dul ó neart go neart. Bíonn seans ag daltaí na scoile buaileadh le daoine suimiúla i bpobal na nGael.
Tháinig an ceoltóir, foilsitheoir agus scríbhneoir Tadhg Mac Dhonnagáin ar cuairt chugainn agus bhain rang a trí agus rang a ceathair an-tairbhe agus an-taitneamh as an gcuairt. Labhair sé faoin obair éagsúl a bhíonn ar bun aige: ag scríobh do chláracha teilifíse agus scannáin, ag scríobh leabhar, ag foilsiú leabhar agus ag cumadh ceol. Ní hamháin sin ach léigh sé a leabhar ‘Oisín’ dúinn agus labhair sé faoin bpróiséas scríbhneoireachta. Freisin, labhair sé faoina chomhlacht foilsitheoireachta Futa Fata (www.futafata.ie). Is féidir leabhair Ghaeilge éagsúla d’ard-chaighdeán a ordú ón suíomh idirlíne seo: www.futafata.ie. B’álainn an deis dúinn buaileadh leis:

Sampla de na leabhair á fhoilsiú ag Futa Fata. Foilsítear leabhair Ghaeilge d’ard-chaighdeán ann.

D’imríomar cluiche spraíúil ag an deireadh.

Aistríodh leabhair Futa Fata go neart teangacha eile. Bhí an-chraic againn ag déanamh tomhas faoi theangacha na leabhar.

Tadhg le cuid den choiste gaelbhrataí.

Is féidir leabhair Ghaeilge éagsúla a ordú ón suíomh idirlíne seo: www.futafata.ie
Posted in Gaelbhratach, Seanphoist - 2016/2017 | No Comments »
Posted by enicdhonncha1197 on 25th April 2017
Posted in Eolaíocht agus Matamaitic, Seanphoist - 2016/2017 | No Comments »
Posted by moleary4099 on 25th April 2017
Tháinig Clodagh Thorisson ar cuairt chuig Gaelscoil Riabhach inniu mar chuid d’Aíonna Aibreáin (eagraithe ag an gcoiste gaelbhrataí). Is saineolaí cothúcháin í Clodagh. Bhí rang a 3 an-tógtha léi. Labhair Clodagh faoi bhia folláin agus faoi bhia mí-fholláin. Labhair sí faoin gcóras díleá agus an méid a tharlaíonn don bhia nuair a ithimid é. Chuir na daltaí neart ceisteanna uirthi agus d’fhoghlaim siad go leor uaithi. Ansin, le cabhair ó na daltaí, chruthaigh Clodagh smúdaithe éagsúla. Bhí siad thar a bheith blasta agus sláintiúil!

Na comhábhair


Ghearr na daltaí na torthaí roimh ré.


Posted in Eolaíocht agus Matamaitic, Gaelbhratach, Oifig, Seanphoist - 2016/2017 | No Comments »
Posted by moleary4099 on 24th April 2017
Gach bhliain, eagraíonn an coiste gaelbhrataí ‘Aíonna Aibreáin.’ Tagann cuairteoirí a bhfuil Gaeilge acu ar cuairt chun na scoile agus labhraíonn siad faoina bpoist, a gcaitheamh aimsirí, a spéiseanna agus ar ndóigh, a gcaidrimh leis an nGaeilge. Tháinig Micheál Ó Ciaraidh ar cuairt chugainn inniu agus nach orainn a bhí an t-ádh! Is láithreoir teilifíse é Micheál ar Cúla 4 agus bhí sé ina amasadóir Ghaeilge do Sheachtain na Gaeilge i mbliana. Bhí an-am ag rang a 5 agus a 6 leis agus is cinnte gur spreag an fear spleodrach, fuinneamhach, lách seo na daltaí:


Táimid ag súil go mór le buaileadh le go leor aíonna ionspioráideacha eile roimh dheireadh na míosa. Beidh an saineolaí cothúcháin (agus iar-láithreoir Chúla 4), Clodagh Thorisson, ag teacht ar cuairt chugainn amárach. Beidh iar-scoláirí Ghaelscoil Riabhach, Eva De Priondragás, Caron Ní Riain, Laura Ní Dhúill agus Amy Ní Chinnéide linn ar an gCéadaoin agus ar an Déardaoin. Beidh an ceoltóir, foilsitheoir agus scríbhneoir Tadhg Mac Dhonnagáin ag buaileadh isteach ar an Aoine. Táimid ag súil go mór le seachtain den scoth!
Posted in Gaelbhratach, Seanphoist - 2016/2017 | No Comments »