Gaelscoil Riabhach

Ár suíomh blag

  • Gaiscí Scoile – Achievements

Archive for the 'Spórt' Category

Corn Mhic Cárthaigh

Posted by moleary4099 on 27th September 2017

Bhí an-áthas orainn i rang a 3 nuair a bhí an ghrian ag taitneamh agus bhí Corn Mhic Cárthaigh inár measc! Gaillimh Abú!:

Posted in Gaelbhratach, Imeachtaí Speisialta, Rang M. Maria, Spórt | No Comments »

Corn Mhic Chárthaigh ar cuairt!

Posted by M. Brian on 25th September 2017

Bhí lá iontach againn inniu nuair a tháinig foirne buacacha na Gaillimhe ar cuairt chugainn le trófaithe na sinsear agus na míonúr san iomáint! Seo iad Johnny Coen agus David Burke le Coiste na nDaltaí, agus Liam Mac Cárthaigh! 

Gaillimh abú!

Posted in Imeachtaí Speisialta, Spórt | No Comments »

Tá na balúin tagtha!

Posted by enicdhonncha1197 on 24th September 2017

Tá Féile na mBalúin Aer The tagtha go mBaile Locha Riach arís i mbliana agus inniu seoladh iad ón bpáirc díreach in aice le suíomh an scoil nua. Samhlaigh an radharc a mbeadh ann ó na seomraí ranga? An bhlian seo chugain ba cheart dúinn ticéidí a dhíol! 😜

             

Posted in Eolaíocht agus Matamaitic, Imeachtaí Speisialta, Spórt | No Comments »

Lá Spóirt 2017

Posted by mnídhubháin4876 on 23rd June 2017

Is cinnte gur bhain muid an taitneamh as an lá spóirt a bhí againn i mbliana.

Posted in Seanphoist - 2016/2017, Spórt | No Comments »

Lá Spóirt agus Fete Scoile

Posted by M. Brian on 12th June 2017

Bhí an Lá Spóirt agus Fete Scoile ar siúl ar an Aoine. Tugadh amach na boinn do bhuaiteoirí na léigeanna eitpheile agus sacair. Ansin bhí stáisiúin spóirt agus ghlac gach duine páirt sna himeachtaí difriúla. Bhain gach duine sult as an lá.

Tar éis an spóirt, bhí an Fete ar chlós na scoile leis na tuismitheoirí. Rinne Coiste na dTuismitheoirí an-jab leis an eagrúcháin ar fad.

Ba é seo an Fete deireanach sa scoil seo – an bhliain seo chugainn beidh muid inár scoil nua!

 

Posted in Imeachtaí Speisialta, Spórt | No Comments »

Foirne Peile na Scoile

Posted by mnídhubháin4876 on 7th June 2017

Caithfidh mé a rá go ndearna na gasúir go hiontach i mbliana leis an bpeil. D’éirigh linn dhá fhoireann a chur chun páirce i mbliana. Is cinnte gur éirigh leo ar fad feabhas a chur ar a gcuid scileanna peile le linn na seisiúin traenála agus na cluichí a d’imir siad ar son na scoile. Ard mholadh le fáil ag chuile duine a ghlac páirt.

Posted in Seanphoist - 2016/2017, Spórt | 1 Comment »

Turas scoile Rang a 4

Posted by M. Brian on 31st May 2017

Bhí turas scoile iontach ag Rang a 4 ar an Aoine. Chuaigh muid go hOllscoil na hÉireann, Gaillimh. Chonaic muid dhá mhúsaem ar dtús -músaem zó-eolaíochta agus músaem geolaíochta. Ansin cguaigh muid go campa gníomhaíochta san Ollscoil. Bhí snámh, dreapadóireacht agus a lán imeachtaí eile ar siúl again. Bhain gach duine an-sult as an lá!

 

Posted in Eolaíocht agus Matamaitic, Seanphoist - 2016/2017, Spórt | No Comments »

Tobshlua!

Posted by enicdhonncha1197 on 22nd May 2017

Bhí an-chraic againn ag cur tobshlua (flashmob) le chéile i rith Seachtain Gníomhach 2017. Mhúin daltaí ó Rang 6 don scoil ar fad é i gceachtanna gearra gach lá agus ar an lá deirneach rinne muid ar fad le chéile é. D’fhéadfá an taitneamh a bhain muid as a fheiceáil san fhíseán beag seo 🙂

Posted in Brat Gorm, Imeachtaí Speisialta, Seanphoist - 2015/2016, Spórt | No Comments »

Ióga agus gleacaíocht i rang a trí

Posted by moleary4099 on 14th May 2017

Ar an Aoine seo caite, rinne rang a trí (agus cúigear as rang a haon) neart staidiúr i mbeirteanna sa cheacht ióga. Chabhraigh sé seo linn comhoibriú lena chéile agus tacaíocht a thabhairt dá chéile:

Posted in Gaelbhratach, Seanphoist - 2016/2017, Spórt | No Comments »

Seachtain Spóirt 2017 Rang 1 Lá 2

Posted by mnídhubháin4876 on 3rd May 2017

Bhí an aimsir ar fheabhas arís inniu agus muid ag tabhairt faoi lá a 2 don tseachtain spóirt. Chuir muid tús leis an lá le Zumba agus ansin rinne muid 10@10. Théis am lóin beag bhí an t-ádh linn gur bhuail tuismitheoir isteach agus go ndearna sí lúthchleasaíocht linn. Tá muid an bhuíoch d’Andrea a tháinig isteach chun an lúthchleasaíocht a dhéanamh linn inniu. Théis am lóin mór thug muid ár naghaidh suas ar an bpáirc peile le rang 2 áit ar thug muid faoi cluiche corr a imirt den chéad uair. Bhí an-lá againn.

 

Posted in Imeachtaí Speisialta, Seanphoist - 2016/2017, Spórt | No Comments »