Rinne muid físeán bunaithe ar an dráma puipéid a rinne muid don Seó Samhna, An Féileacán Oíche. Tá muid chun cur isteach ar an gcomórtas “Fís” leis. Is féidir breathnú air ag an nasc Youtube thíos!
Rinne na páistí an físeán seo bunaithe ar an agallamh a chuir muid ar an spásaire Ron Garan. Cuirfidh muid isteach ar an gcomórtas Reel Life Science leis i mbliana. Bain taitneamh as!
Tá muid ag foghlaim faoi Bhaile Locha Riach sna meánaoiseanna. D’fhoghlaim muid faoi na Normannaigh, na ballaí agus an móta, an mhainistir agus a lán rudaí eile.
Ansin rinne muid macasamhail de Bhaile Locha Riach as Lego!
Chuile bhliain bíonn comórtas ag Seachtain na Gaeilge ina mbíonn scoileanna ar fud na tíre ag déanamh seó raidió i nGaeilge. Tá Gaelscoil Riabhach tar éis an comórtas seo a bhuachaint 4 bliana as a chéile! Anuraidh, rinne muid seó darb ainm An Meaisín Ama, ina raibh páistí ag dul siar san am i Stair na hÉireann. I mbliana, rinne muid An Meaisín Ama II – téann na páistí siar chun foghlaim faoi 1916 ach nuair a tosaíonn siad ag cabhrú le daoine athraíonn siad an Stair!
Tá muid ar bís an tseachtain seo ónar chuala muid scéal iontach – cuireadh ár bhfíseán ar an ngearrliosta don chomórtas Reel Life Science! Beidh moltóirí an chomórtais ag brathnú ar 5 fhíseán ó bhunscoileanna ar fud na tíre – ár bhfíseán san áireamh – chun buaiteoir a roghnú. Agus i measc na moltóirí tá ár sean-chara Chris Hadfield, a bhí ag labhairt linn ar Twitter tamaill ó shin! Taispeánfar ár bhfíseáin ag an bhFéile Eolaíochta ags Teicneolaíochta in Ollscoil na Gaillimhe, ar an 22 Samhain!
We got really exciting news this week – our video has been shortlisted for the Reel life Science video competition! The judges will now be reviewing the 5 shortlisted videos from primary schools all over the country, including ours! And one of the judges is none other than our old friend Chris Hadfield, who contacted us on Twitter a while back! Our video will also be shown at the Science and Technology Fair at NUI Galway on 22nd November!
Tá rang M. Brian tar éis físeán a dhéanamh le haghaidh an comórtas “Reel Life Science”. Is beochan nó “stop motion animation” é. Ta an fhuaim curtha leis anois freisin!
Our video for the “Reel Life Science” competition – now with sound!
Fuair muid nuacht iontach le déanaí – bhuaigh ár seó raidió, “An Meaisín Ama” an comórtas Seachtain na Gaeilge le haghaidh clár raidió! Seo é a ceathrú uair as a chéile do Ghaelscoil Riabhach an comórtas náisiúnta seo a bhuachaint! Mar sin, bhí cóisir bheag againn agus rinne na páistí brioscaí iad féin!
Is féidir éisteacht arís leis an gclár raidió anseo.
Seo beochan a rinne muid bunaithe ar dán a d’fhoghlaim muid – here’s an animation we made based on a poem we studied – “He wishes for the Cloths of Heaven”, by W.B. Yeats.
Rinne muid clár raidió nua le cur isteach sa chomórtas Clár Raidió do Sheachtain na Gaeilge! “An Meaisín Ama” an teideal atá air. Rinne Uncail Peadar meaisín ama as sean-tarracóir agus anois tá Seán agus Áine ag dul leis trí Stair na hÉireann chun cabhrú lena gcuid obair bhaile staire!