Gaelscoil Riabhach

Ár suíomh blag

  • Gaiscí Scoile – Achievements

Archive for the 'Ár bPodchraolta/ Podcasts – Raidió Riabhach' Category

Seó Puipéad

Posted by M. Brian on 20th August 2014

Rinne muid seó puipéad ag deireadh na bliana – An Dragan a bhí Fail air. Chum na páistí an ceol agus rinne siad na puipéid. Seiceáil amach na físeáin!

Enjoy these videos of the puppet show we made at the end of last year – the children performed the music and made the puppets themselves!

[media id=50]

[media id=51]

Posted in Ár bPodchraolta/ Podcasts - Raidió Riabhach, Imeachtaí Speisialta, Seanphoist 2013/2014 | 9 Comments »

Bua sa Chomórtas Raidió Seachtain na Gaeilge!

Posted by M. Brian on 9th May 2014

PicBAIGaelScoilRiabhach

Fuair muid nuacht iontach le déanaí – bhuaigh muid an comórtas Clár Raidió i Seachtain na Gaeilge arís! Seo í an tríú bliain as a chéile dúinn an comórtas a bhuachaint agus tá muid an-sásta! Chuaigh muid go Baile Átha Cliath ar an Máirt chun an duais a fháil in oifigí Udarás Craolacháin na hÉireann.

We got great news recently – we won the radio programme competition in Seachtain na Gaeilge again! This is our third year in a row to win this competition in which we wrote, performed and recorded our own half hour radio programme. On Tuesday we went to the Broadcasting Authority of Ireland in Dublin to collect our award!

Posted in Ár bPodchraolta/ Podcasts - Raidió Riabhach, Seanphoist 2013/2014 | 4 Comments »

Dhá Phodchraoladh nua!

Posted by M. Brian on 27th March 2014

Seo chugaibh dhá phodchraoladh nua de chuid Raidió Riabhach!

Ar dtús, sceitse a scríobh páistí R4 don chomórtas Raidió Sheachtain na Gaeilge. Ta ainmhithe ag dul amú, ach cé atá freagrach? Seo é an Táin Bó Spáis!

[media id=48 height=20]

Agus anseo, chuir muid agallamh ar an Easpag Seán Ó Ciarba. Labhraíonn an tEaspag faoina aois óg, a shaol mar shagart, múinteoir agus easpag, agus a chuid oibre le Trócaire.

[media id=49 height=20]

Posted in Ár bPodchraolta/ Podcasts - Raidió Riabhach, Brat Buí, Seanphoist 2013/2014 | 1 Comment »

In onóir do Seamus Heaney

Posted by M. Brian on 7th September 2013

Éist le Rang 4 agus 5 ag rá an dáin “The Diviner”, le Seamus Heaney.

Listen to R4 and 5 reciting “The Diviner” by Seamus Heaney.

[media id=45 height=20]

THE DIVINER

Cut from the green hedge a forked hazel stick
That he held tight by the arms of the V:
Circling the terrain, hunting the pluck
Of water, nervous, but professionally

Unfussed. The pluck came sharp as a sting.
The rod jerked down with precise convulsions,
Spring water suddenly broadcasting
Through a green aerial its secret stations.

The bystanders would ask to have a try.
He handed them the rod without a word.
It lay dead in their grasp till nonchalantly
He gripped expectant wrists. The hazel stirred.

Seamus Heaney.

Posted in Ár bPodchraolta/ Podcasts - Raidió Riabhach, Seanphoist 2013/2014 | 3 Comments »

Amhrán na gCupán – Slán le Rang 6!

Posted by M. Brian on 27th June 2013

[media id=44]

Bhí bliain iontach ag R6 agus R5 le chéile, agus anois tá se in am slán a rá le R6. Ba ghrúpa den chéad scoth iad. Guímis gach rath orthu agus iad ag bogadh ar aghaidh go dtí an mheánscoil. Beidh fáilte rompu i gcónaí teacht ar ais chun muid a fheiceáil. Rinne muid an físeán seo dóibh ag canadh “Amhrán na gCupán” (The Cup Song from Pitch Perfect as Gaeilge) le chéile le R5, chun deireadh a chur leis an mbliain – bainigí sult as!

Posted in Ár bPodchraolta/ Podcasts - Raidió Riabhach, Seanphoist - 2012/2013 | 1 Comment »

Lá Eolaíochta 2013

Posted by M. Brian on 22nd June 2013

Bhí an Lá Eolaíochta bliantúil againn ar an Déardaoin agus bhí obair iontach le feiceáil sna ranganna ar fad timpeall na scoile. Tháinig tuismitheoirí isteach chun ár gcuid Eolaíochta a fheiceáil. Bhí chuile shórt ó bolcáin agus lampaí lábha go dtí peireascóp agus gealacha Iupatair le feiceáil!

Rinne Rang 5 agus 6 “Camera Obscura” as seomra M. Anna. Cé nach raibh sé ró-ghrianmhar, d’éirigh go maith leis, agus rinne muid an físeán seo taobh istigh den tseomra ag taispeáint roinnt páistí Rang 4, 5 agus 6 ag spraoi taobh amuigh – an féidir leat éinne a aithint?

[media id=43]

Posted in Ár bPodchraolta/ Podcasts - Raidió Riabhach, Eolaíocht agus Matamaitic, Seanphoist - 2012/2013 | 1 Comment »

Clár Raidió 2013

Posted by M. Brian on 29th April 2013

Páistí R5 agus 6 ag ceilliúradh!

Tá áthas an domhain orainn mar gheall ar an gcomórtas Sheachtain na Gaeilge “Clár Raidió” a bhuaigh muid – rinne muid a lán oibre air agus tá muid an-bhródúil an comórtas mór seo a bhuachaint!

We are delighted to have won the Seachtain na Gaeilge Best Radio programme competition again this year! Up against schools all over the country we wrote and recorded our own radio show and it’s a great achievement to have won first prize. This is the second year in a row that the Gaelscoil has won!

Éist leis an gclár ar fad anseo – you can listen to the complete radio show here.

[media id=42 height=20]

Posted in Ár bPodchraolta/ Podcasts - Raidió Riabhach, Seanphoist - 2012/2013 | 10 Comments »

Bua i gComórtas Raidió Sheachtain na Gaeilge!

Posted by M. Brian on 26th April 2013

Fuair muid nuacht iontach tráthnóna – bhuaigh Gaelscoil Riabhach an comórtas náisiúnta Chlár Raidió do Sheachtain na Gaeilge Rang 5/6! Is iontach an nuacht é, agus tá sé tuillte go maith ag na páistí a scríobh agus a rinne taifead ar an gclár.

Seo í an dara bliain as a chéile don Ghaelscoil buachaint sa gcomórtas seo, mar sin tá ríméad orainn!

Posted in Ár bPodchraolta/ Podcasts - Raidió Riabhach, Imeachtaí Speisialta, Seanphoist - 2012/2013 | 4 Comments »

MATA NÓ BÁS!!!!!!

Posted by M. Brian on 25th March 2013

[media id=41 height=20]

Tá muid ag glacadh páirte arís sa chomórtas “Clár Raidió” do Sheachtain na Gaeilge, ina mbíonn scoileanna ar fud na tíre ag scríobh agus ag taifead a gcláir raidió féin. Sa mhír seo, rinne na páistí a gclár bréagach féin – “Mata nó Bás” – tráth na gceist ina mbíonn sé contúirteach freagra a fháil mícheart!

 

Posted in Ár bPodchraolta/ Podcasts - Raidió Riabhach, Seanphoist - 2012/2013 | 9 Comments »

An Ungáir – Magyarország

Posted by M. Brian on 25th March 2013

[media id=40 height=20]

Bhí muid ag foghlaim faoin Ungáir – ceann de na tíortha ina bhfuil cairde Comenius againn. D’fhoghlaim muid faoi stair agus tíreolaíocht na tíre, agus faoi dhaoine cáiliúla ón Ungáir freisin. I measc na ndaoine ar a rinne muid staidéar bhí Ferenc Liszt, Béla Bartok, Zoltan Kodaly, Béla Lugosi, Laszlo Biro, Erno Rubik, Judit Polgar, Ferenc Puskas, Michael Curtiz, Zsa Zsa Gabor agus Harry Houdini. Rinne muid an podchraoladh seo mar chuid den Seó Raidió a chur muid le chéile do chomórtas Sheachtain na Gaeilge.

 

 

Posted in Ár bPodchraolta/ Podcasts - Raidió Riabhach, Comenius, Seanphoist - 2012/2013 | 2 Comments »