Gaelscoil Riabhach

Ár suíomh blag

  • Gaiscí Scoile – Achievements

Archive for the 'Ár bPodchraolta/ Podcasts – Raidió Riabhach' Category

Céilí Scoile 2

Posted by M. Brian on 17th March 2013

Anuas ar an damhsa Gaelach, is maith linn damhsa nua-aoiseach a dhéanamh gach bliain don Chéilí Scoile. I mbliana, chum muid ár ndamhsa féin bunaithe ar “Gangnam Style” – “Gaelscoil Riabhach Style”! Seo na páistí i mbun damhsa ag an gcéilí.

Gach duine le chéile – “Hé, cailín dathúil! – Gaelscoil Riabhach Style!”

[media id=39]

Posted in Ár bPodchraolta/ Podcasts - Raidió Riabhach, Imeachtaí Speisialta | 2 Comments »

Scipeatón 2013 – Speeders

Posted by M. Brian on 14th February 2013

Bhailigh na páistí a lán airgid d’ár Scipeatón i mbliana agus tá moladh mór tuillte acu ar fad. Míle buíochas freisin do na teaghlaigh, tuismitheoirí agus cairde eile a thug tacaíocht agus urraíocht dóibh.

Many thanks to the families, parents and friends who sponsored the children in our recent Skipathon and made it such a great success.

Shocraigh muid €1500 a thabhairt don grúpa Speeders i nGaillimh, grúpa a thugann deis do pháistí faoi mhíchumas fisiceach páirt a ghlacadh i spórt agus aclaíocht. Tháinig Dylan, atá mar bhall de Speeders, chun labhairt linn faoi na spóirt a dhéanann sé leis an gclub – is breá leis cispheil agus seoltóireacht i measc a lán spóirt eile. Sa bhfíseán seo tá Dylan ag baint triail as rothar láimhe – leis an airgead a bhailigh na páistí beidh Speeders ábalta rothar mar seo a cheannach ionas go mbeidh páistí eile in ann triail a bhaint as an meaisín iontach seo!

Rinne muid cinneadh an fuílleach a bhailigh na páistí a thabhairt d’Ospidéal na bPáistí, Cromghlinn.

[media id=38]

Dylan ó Speeders ag bailiú seic ollmhór ó Choiste na nDaltaí!

 

Posted in Ár bPodchraolta/ Podcasts - Raidió Riabhach, Imeachtaí Speisialta | 1 Comment »

Scipeatón 2013 – Físeán eile

Posted by M. Brian on 9th February 2013

Bhí aimsir fhoirfe againn don Scipeatón inné buíochas le Dia, agus tá moladh tuillte ag na ranganna ar fad – bhí an scipeáil ar siúl go leanúnach ar feadh an lae.

Seo Rang 5 agus 6 arís, ag scipeáil i mbealach éagsúil!

[media id=37]

Posted in Ár bPodchraolta/ Podcasts - Raidió Riabhach, Seanphoist - 2012/2013, Spórt | 2 Comments »

Scipeatón 2013

Posted by M. Brian on 9th February 2013

Bhí chuile pháiste sa Ghaelscoil ag scipeáil inné ar an gclós chun airgead a bhailiú do Speeders i nGaillimh agus Ospidéal na bPáistí, Cromghlinn. Seo físeán beag do na páistí in aicsin!

[media id=36]

Posted in Ár bPodchraolta/ Podcasts - Raidió Riabhach, Seanphoist - 2012/2013, Spórt | 1 Comment »

Scipeáil

Posted by M. Brian on 29th January 2013

Tá an Scipeatón ag teacht go luath! Beidh muid ag bailiú airgid don ghrúpa “Speeders” i nGaillimh. Mar sin tá muid ag obair go dian ag cleachtadh – agus ag baint spraoi as! Seo físeán beag ón “obair” ar an gclós!

[media id=35]

Posted in Ár bPodchraolta/ Podcasts - Raidió Riabhach, Seanphoist - 2012/2013 | 2 Comments »

Scéal Mhahamad#

Posted by M. Brian on 21st January 2013

Tá muid ag déanamh staidéar ar an Ioslam ar scoil, le haghaidh Mawlid-al-Nabi (breithlá Muhammad#). Seo físeán a rinne muid faoi eachtra i saol an Fháidh#

[media id=34]

 

Posted in Ár bPodchraolta/ Podcasts - Raidió Riabhach, Imeachtaí Speisialta | 1 Comment »

Raidió Riabhach – Timpeall na Scoile in 8 nóiméad!

Posted by M. Brian on 13th November 2012

Tá Raidió Riabhach ar ais, agus tógann páistí Rang 5 agus 6 sibh ar thuras timpeall na scoile in 8 nóiméad! Éistigí leis na hagallaimh agus na sceitsí seo a scríobh na páistí iad féin, agus ansin triail na ceisteanna faoin bpíosa a fhreagairt!

[media id=27 height=20]

Ceisteanna:

1. Ainmnigh an dá rud is fearr faoi Bhaile Locha Riach, dar le Daniel.
2. Céard a tharlaíonn ar lá toghcháin do Choiste na nDaltaí?
3. Cé na mothúcháin a bhí ar an gcailín nuair a roghnaíodh í do Choiste na nDaltaí?
4. Cén praghas atá ar thicéad go dtí an ghealach sa bhfógra bréagach?
5. Cé as do Mhúinteoir Máire Treasa?
6. Cé na ranganna a bhí ag M. Máire Treasa roimhe seo?
7. Scríobh dhá rud a rinne M. Marcus fad is a bhí sé imithe ón scoil?
8. Céard a rinne M Pól sna laethanta saoire?
9. Cén caitheamh aimsire atá ag M. Pól?
10. Cén dath atá ar an gcúinne ina bhfuil Emma sa troid in aghaidh Katie Taylor?

Posted in Ár bPodchraolta/ Podcasts - Raidió Riabhach, Seanphoist - 2012/2013 | 3 Comments »

Liam Mac Cárthaigh!

Posted by M. Brian on 9th September 2012

Rinne na páistí an píosa ceol seo chun tacú leis an bhfoireann iomána ar an Domhnach. Tá súil againn go mbeidh Liam Mac Cárthaigh ag teacht ar cuairt chugainn go luath!

[media id=22 height=20]

Posted in Ár bPodchraolta/ Podcasts - Raidió Riabhach, Imeachtaí Speisialta, Seanphoist - 2012/2013, Spórt | 3 Comments »

Bhuaigh muid comórtas i Seachtain na Gaeilge!

Posted by M. Brian on 20th April 2012

Fuair muid nuacht iontach inniu – bhuaigh rang M. Caroline agus rang M. Brian an comórtas Cár Raidió rang 1-3 sna comórtais Seachtain na Gaeilge! Bhí scoileanna ar fud na tíre páirteach sa gcomórtas agus is mór an onóir don scoil é! Tá ríméad orainn!

Rang M. Caroline and rang M. Brian got great news today – we won the radio programme competition in Seachtain na Gaeilge with the radio show we made! Schools from all over the country took part so it’s a great achievement. We’re delighted and proud of the radio programme we wrote and recorded ourselves!

Éist leis an gclár iomlán anseo – listen to the full show here.

[media id=21 height=20]

Posted in Ár bPodchraolta/ Podcasts - Raidió Riabhach, Imeachtaí Speisialta, Seanphoist - 2011/2012 | 13 Comments »

Cláir Raidió do Sheachtain na Gaeilge

Posted by M. Brian on 27th March 2012

Mar chuid de Sheachtain na Gaeilge, ghlac muid páirt i gcomórtas ina raibh orainn clár raidió bréagach a dhéanamh. Rinne muid dhá cheann, ceann amháin ó ranganna 1, 2 agus 3, agus ceann eile ó ranganna 4, 5 agus 6. Bhí siad ró-fhada le cur suas ar an mblag mar phodchraoladh, ach seo dhaoibh cúpla píosa ón gceann a rinne Rang 1, 2 agus 3. Clár nuachta a bhí ann le cúpla fíorscéal, cúpla scéal craiceáilte (faoi Jedward agus béar draíochta atá ábalta caint) chomh maith le cúpla fógra iontach a rinne muid!

We entered a competition for Seachtain na Gaeilge where we had to make a radio programme. The full programmes are too long to put in a podcast but here are a few bits from the show Rang 1, 2 agus 3 made. There are some news stories, some crazy stories about Jedward and a talking bear, and some funny adverts we made ourselves!

[media id=20 height=20]

Posted in Ár bPodchraolta/ Podcasts - Raidió Riabhach, Imeachtaí Speisialta, Seanphoist - 2011/2012 | 7 Comments »