Gaelscoil Riabhach

Ár suíomh blag

  • Gaiscí Scoile – Achievements

  • Tacaigh linn – support us!

    Tacaigh leis an scoil – Ceannaigh bríce anseo!

    Support our school fundraiser – Buy a brick here!

Archive for the 'Rang M. Áine' Category

An bhfuil rialóir agat?

Posted by moleary4099 on 18th April 2018

Tar chuig an siopa scoile gach Luan, Céadaoin agus Aoine! Tá siopadóirí den scoth againn! Shocraigh an coiste gaelbhrataí a bheith i gceannas ar an siopa scoile agus cuirtear fáilte roimh chách! Bíonn an siopa oscailte ó 8:40am – 9:00am.

Posted in Brat Buí, Gaelbhratach, Rang M. Áine, Rang M. Áine Máire, Rang M. Brian, Rang M. Dairíne, Rang M. Eilís, Rang M. Maria, Rang M. Síle | No Comments »

Léitheoireacht roinnte le Naíonáin Bheaga agus Rang a 3

Posted by Áine Ní Riain on 13th April 2018

 

Bhí léitheoireacht roinnte againn le Rang a 3 arís inniu. Thaitin sé go mór le Naíonáin Bheaga a bheith ag éisteacht le Rang a 3 ag léamh dóibh. Chomh maith le sin bhí siad ag cur ceisteanna ar a chéile agus ag labhairt faoi na leabhair. Tá muid ag súil go mór leis an Aoine seo chugainn cheana féin!

Posted in Gaelbhratach, Rang M. Áine | No Comments »

Aíonna Aibreáin: Muireann Ní Bhaoill

Posted by Áine Ní Riain on 13th April 2018

Tháinig an t-iarrscoláire Muireann Ní Bhaoill ar cuairt chuig Naíonáin Bheaga inniu. Is ceoltóir, scríbhneoir agus múinteoir ceoil í Muireann. Tá sí ag déanamh staidéar ar cheol san ollscoil chomh maith! Sheinn sí ceol traidisiúnta ar an gconsairtín dúinn. Bhí Ciara sásta rince gaelach a dhéanamh dúinn nuair a bhí Muireann ag seinm. Bhain muid an-taitneamh as!! Scríobhann Muireann amhráin i nGaeilge agus faoi láthair tá a hamhrán ‘Déan é’ le cloisteáil ar 2fm agus ar RnaG.   Tá neart gradam buaite aici agus tá muid cinnte go mbeidh Muireann le cloisteáil go minic ar an raidió amach anseo!!

Posted in Gaelbhratach, Rang M. Áine | No Comments »

An Aimsir Le Naíonáin Bheaga

Posted by Áine Ní Riain on 12th April 2018

Tá Naíonáin Bheaga ag foghlaim faoin aimsir faoi láthair. Inniu lig muid orainn go raibh muid ar an teilifís. Féach orainn ag cur an aimsir i láthair!! Bhain muid an-spraoi as!

Posted in Gaelbhratach, Rang M. Áine | No Comments »

Grúpaí ón gclós ar Lá na Leabhair

Posted by enicdhonncha1197 on 23rd March 2018

Bhí an spraoi againn sa chlós agus gach duine sa chlós. Seo sampla beag de… 🙂

Gangsta Grannies!

Muintir Harry Potter Grúpa 1

Muintir Harry Potter Grúpa 2

Cá bhfuil Wally?

Muintir ó Cogadh na Réaltaí

Stormtrooper agus an Stig at tabhairt an-aire do na naíonáin inniu! 🙂

 

 

Posted in Imeachtaí Speisialta, Oifig, Rang M. Áine, Rang M. Áine Máire, Rang M. Brian, Rang M. Dairíne, Rang M. Eilís, Rang M. Maria, Rang M. Síle | No Comments »

Léitheoireacht roinnte i rang a trí agus naíonáin bheaga

Posted by moleary4099 on 23rd March 2018

Bhain rang a trí agus naíonáin bheaga an-tairbhe agus an-taitneamh as seisiún léitheoireacht roinnte ar maidin. Bhí sé go hálainn iad a fheiceáil ag labhairt i nGaeilge, ag éisteacht lena chéile agus ag léiriú measa dá chéile. Bhí an comhoibriú eatarthu thar moladh beirte. Mo ghraidhin sibh!

 

Posted in Gaelbhratach, Rang M. Áine, Rang M. Maria | No Comments »

Tráth na gCeist!

Posted by Áine Ní Riain on 20th March 2018

Bhain Naíonáin Bheaga an-sult as Seachtain na Gaeilge! Ghlac siad páirt i dTráth na gCeist don chéad uair. Bhí siad iontach ag obair le chéile agus fuair gach duine duais beag ag an deireadh!

Posted in Gaelbhratach, Rang M. Áine | No Comments »

Scipeatón!

Posted by Áine Ní Riain on 12th March 2018

Ghlac Naíonáin Bheaga páirt sa scipeatón an tseachtain seo chaite. Bhailigh muid thart ar €1700 le haghaidh fearas clóis nua. Bhí gach rang ag scipeáil ag amanna áirithe i rith an lae. Thaitin sé go mór le Naíonáin Bheaga foghlaim conas scipeáil. Rinne muid an-chuid chleachtadh chun fáil réidh don scipeatón. Anois bíonn muid ag scipeáil go minic, ar an gclós agus sa bhaile!

Posted in Brat Gníomhach, Rang M. Áine | No Comments »

Naíonáin bheaga sa seomra aistir nua!

Posted by Áine Ní Riain on 23rd January 2018

Posted in Gaelbhratach, Rang M. Áine | No Comments »

Naíonáin Bheaga ag foghlaim faoi cruthanna 2T

Posted by Áine Ní Riain on 23rd January 2018

An tseachtain seo bhí Naíonáin Bheaga ag foghlaim faoi cruthanna 2T. D’oibrigh siad i ngrúpaí chun pictiúir a chruthú ag baint úsáid as ciorcail, céarnóga, dronuilleoga agus triantáin.

 

This week we have been learning about 2D shapes. The children worked in their groups to create pictures using circles, squares, triangles and rectangles! 

 

Posted in Rang M. Áine | No Comments »