Gaelscoil Riabhach

Ár suíomh blag

  • Gaiscí Scoile – Achievements

  • Tacaigh linn – support us!

    Tacaigh leis an scoil – Ceannaigh bríce anseo!

    Support our school fundraiser – Buy a brick here!

Archive for the 'Rang M. Brian' Category

Seachain an Liathróid!

Posted by enicdhonncha1197 on 8th June 2018

Chun deireadh cheart a cur le Seachtain Gníomhach 2018 d’eagraíodh an comórtas mór tráthnóna Dé hAoine. Is cosúil gur tradisiún anois é an cogadh mór ‘Seachain an Liathróid’ idir na múinteoirí agus Rang 6. Cé go raibh sé thar a bheith iomaíoch buí sé thar a bheith spóirtiúl agus spraoíúl fresin. Ag deireadh an lae bhuaigh Rang 6 an chéad cluiche agus bhuaigh na múinteoirí an dara cluiche (don chéad uair riamh!). Ní raibh muid in ann an tríú cluiche a imirt mar thosaigh an báisteach – an ndearfaimid gur cómhscór é sin?? ;D

Roinnt pictiúrí a léiríonn an craic ar an lá – go raibh maith agaibh Lauren agus Caoimhe as ucht iad a glacadh.

Posted in Brat Gníomhach, Gaelbhratach, Imeachtaí Speisialta, Rang M. Áine, Rang M. Áine Máire, Rang M. Brian, Rang M. Dairíne, Rang M. Eilís, Rang M. Maria, Rang M. Síle, Spórt | No Comments »

Ag dul sa seans…

Posted by M. Brian on 3rd May 2018

Tá muid ag foghlaim faoi sheans sa mhatamaitic. Rinne muid cúpla gníomhaíocht – ag caitheamh dísle, ag tarraingt cnaipe daite as mála agus ag caitheamh bonn airgid. Bhí na torthaí an-suimiúil! Rinne muid os cionn 700 caitheamh leis na boinn agus chríochnaigh sé suas an-ghar do 50/50! Chaith muid dísle 480 uair agus arís bhí na torthaí an-ghar do 1 as 6 do gach uimhir!

Posted in Eolaíocht agus Matamaitic, Rang M. Brian | No Comments »

Aíonna Aibreáin – Éamon Ó Cuív T.D.

Posted by M. Brian on 2nd May 2018

Tháinig Éamon Ó Cuív T.D. ar cuairt chugainn an tseachtain seo caite. Labhair sé linn faoina shaol mar theachta dála, faoin nGaeilge, faoina chuid scolaíochta féin, agus faoin mBreatimeacht fiú! Freisin, d’inis sé a lán scéalta dúinn faoina sheanathair Éamon De Valera – ag dul ar cuairt go dtí Áras an Uachtaráin agus ag imirt peile agus iománaíochta sna gairdíní ann – agus an scéal iontach faoin uair ar chabhraigh Michael Collins leis briseadh amach as príosún! Beidh muid ag cur cuid den agallamh a chuir muid air amach mar phodchraoladh go luath!

Posted in Gaelbhratach, Imeachtaí Speisialta, Rang M. Brian | No Comments »

An bhfuil rialóir agat?

Posted by moleary4099 on 18th April 2018

Tar chuig an siopa scoile gach Luan, Céadaoin agus Aoine! Tá siopadóirí den scoth againn! Shocraigh an coiste gaelbhrataí a bheith i gceannas ar an siopa scoile agus cuirtear fáilte roimh chách! Bíonn an siopa oscailte ó 8:40am – 9:00am.

Posted in Brat Buí, Gaelbhratach, Rang M. Áine, Rang M. Áine Máire, Rang M. Brian, Rang M. Dairíne, Rang M. Eilís, Rang M. Maria, Rang M. Síle | No Comments »

Cairde cuideachta

Posted by moleary4099 on 17th April 2018

Bíonn scata ó na hardranganna ar chlós na naíonán ag spreagadh na naíonán agus ag labhairt i nGaeilge leo. Maith sibh féin:

 

Posted in Brat Buí, Gaelbhratach, Oifig, Rang M. Brian, Rang M. Maria, Rang M. Síle | No Comments »

Eitpheil – Na Tíogair Abú!

Posted by M. Brian on 23rd March 2018

D’éirigh go hiontach lenár bhfoireann eitpheile, Na Tíogair! Bhuaigh siad an comórtas réigiúnda Spikeball!

Mar sin, don tríú uair i gceithre bliana, d’éirigh le Gaelscoil Riabhach comórtas Uile-Éireann a bhaint amach. Is éacht é sin do Ghaelscoil Riabhach, agus caighdeán fíor-ard imeartha ag na gasúir.

Our Spikeball team Na Tíogair won the regional Spikeball Championship last week, beating last year’s All-Ireland winners along the way! By doing this they became the third team in four years from Gaelscoil Riabhach to reach the All-Ireland final stage, an amazing achievement for our school in a very strong competition!

Posted in Brat Gníomhach, Rang M. Brian, Spórt | No Comments »

Comórtas sacair

Posted by M. Brian on 23rd March 2018

Ghlac muid páirt i gcomórtas sacair i rith na seachtaine. Bhí lá iontach ag an dá fhoireann!

Posted in Brat Gníomhach, Rang M. Brian, Spórt | No Comments »

Andy Warhol

Posted by M. Brian on 23rd March 2018

Bhreathnaigh muid ar phortráidí de chuid Andy Warhol le déanaí. Ansin rinne muid ár gcuid phortráidí féin sa stíl céanna. Seo cuid acu – breathnaíonn siad go hiontach!

Posted in Rang M. Brian | No Comments »

Dráma – An Meaisín Ama

Posted by M. Brian on 23rd March 2018

Bhí Rang 5 agus 6 an-ghnóthach le déanaí ag ullmhú don bhFéile Scoildrámaíochta lenár ndráma féin – “An Meaisín Ama”! Seo cuid d’ár scoláirí ar an ardán i nDroichead an Chláirín cúpla seachtain ó shin!

Posted in Imeachtaí Speisialta, Rang M. Brian | No Comments »

Ag déanamh slaim!

Posted by M. Brian on 23rd March 2018

San Eolaíocht, bhí muid ag foghlaim faoi mhúcas agus na cineálacha mucais a dhéanann ainmhithe éagsúla ar nós seilidí, drúchtíní agus cailligh (hagfish) – go hálainn!
Ansin, rinne muid ár gcuid múcais féin – stuif tanaí, tiubh, greamaitheach agus sleamhain – ag braith ar cé mhéad de gach comhábhar a cuireadh ann!

Posted in Eolaíocht agus Matamaitic, Rang M. Brian | No Comments »