Gaelscoil Riabhach

Ár suíomh blag

  • Gaiscí Scoile – Achievements

Archive for the 'Rang M. Eilís' Category

Deireadh Rang 2

Posted by enicdhonncha1197 on 23rd June 2017

Agus muid ag druidim i dtreo deireadh na bliana rinne muid roinnt macnamh faoin obair ar fad a rinneamar i mbliana agus an craic ar fad a bhí againn. Rinneamar léarscáil inchinne mar cur i  gcuimhne dúinn féin. Seo roinnt samplaí.

Posted in Rang M. Eilís | No Comments »

Drámaíocht amuigh faoin ngriain

Posted by enicdhonncha1197 on 23rd June 2017

Bhi an-spraoi ag Rang 2 ag cleachtadh ár gcuid scileanna drámaíochta thuas ar an gcúirt le déanaí. Seo chugaibh roinnt fianaise…

Aghaidh duine déanta as ceathrar

Ineall a dhéanann réaltaí 😊

Inneal a dhéanann uachtar reoite

Tuilleadh uachtar reoite

Traein déanta ag grúpa cúigear

Bád Naomh Breandán

Posted in Rang M. Eilís | No Comments »

Potaireacht i Rang 2

Posted by enicdhonncha1197 on 23rd June 2017

Rinneamar roinnt potaireacht i mbliana. Seo hiad ár gcrúscíní. D’fhoghlaimid faoi brat críche (slip) agus gur féidir é a úsáid mar glé i bpotaireacht chun na cluasa a greammadh. D’fhoghlaimid fresin go bhfuil gobanna níos deacra ná cheap muid!

Posted in Rang M. Eilís | No Comments »

Turas Scoile Rang 2

Posted by enicdhonncha1197 on 13th June 2017

Bhí lá den scoth ag rang 2 inniu. Bhain muid an taitneamh as cuairt ar an gcaisleán, an gcrannóg agus an ‘Brendan Boat’ i Cragganowen. Bhí muid an-tógtha leis an cloigeann eilce a bhí ar an mballa acu.

Ina dhiaidh sin bhí spórt agus spraoi againn in Ionad Spórt na Sionainne. Bhí cuid againn an-chróga ar an mballa dreapadóireachta fiú!

Posted in Imeachtaí Speisialta, Rang M. Eilís | No Comments »

Tobshlua!

Posted by enicdhonncha1197 on 22nd May 2017

Bhí an-chraic againn ag cur tobshlua (flashmob) le chéile i rith Seachtain Gníomhach 2017. Mhúin daltaí ó Rang 6 don scoil ar fad é i gceachtanna gearra gach lá agus ar an lá deirneach rinne muid ar fad le chéile é. D’fhéadfá an taitneamh a bhain muid as a fheiceáil san fhíseán beag seo 🙂

Posted in Brat Gorm, Imeachtaí Speisialta, Rang M. Áine, Rang M. Áine Máire, Rang M. Brian, Rang M. Eilís, Rang M. Máire Treasa, Rang M. Maria, Rang M. Síle, Spórt | No Comments »

Stair, Eolaíocht agus Tír Eolas i Rang 2

Posted by enicdhonncha1197 on 17th May 2017

Thosaigh muid togra beag i mí Eanáir seo caite agus tá muid díreach tar éis é a chríochnú. Chuaigh muid ar siúlóid síos in aice leis an loch. Ghlac muid roinnt pictiúir agus ansin rinne muid an siúlóid céanna agus ghlac muid na bpictiúir céanna i mí Bealtaine. D’oibrigh muid i grúpaí ansin chun na cosúlachtaí agus na codarsnachtaí a aithint agus a chur in iúl.

 

 

 

 

 

Posted in Eolaíocht agus Matamaitic, Rang M. Eilís | No Comments »

Aíonna Aibreáin Eolaíochta

Posted by enicdhonncha1197 on 5th May 2017

Tháinig beirt iar-scoláirí chun labhairt linn maidir le cursaí eolaíochta agus a gcuid tograí don comórtas Channelle. Bhí an beirt acu roghnaithe don gearr liosta i mbliana. D’fhoghlaimid go leor maidir le bia madraí agus comh dáiríre is atá fadhbanna málaí scoile troime. Bhí neart ceisteanna ag na gasúir maidir le saol sa mheánscoil fresin. Go riabh míle maith agaibh Caron agus Laura!

   

Posted in Eolaíocht agus Matamaitic, Gaelbhratach, Rang M. Brian, Rang M. Eilís | No Comments »

Seachtain Spóirt 2017 Rang 1 Lá 2

Posted by mnídhubháin4876 on 3rd May 2017

Bhí an aimsir ar fheabhas arís inniu agus muid ag tabhairt faoi lá a 2 don tseachtain spóirt. Chuir muid tús leis an lá le Zumba agus ansin rinne muid 10@10. Théis am lóin beag bhí an t-ádh linn gur bhuail tuismitheoir isteach agus go ndearna sí lúthchleasaíocht linn. Tá muid an bhuíoch d’Andrea a tháinig isteach chun an lúthchleasaíocht a dhéanamh linn inniu. Théis am lóin mór thug muid ár naghaidh suas ar an bpáirc peile le rang 2 áit ar thug muid faoi cluiche corr a imirt den chéad uair. Bhí an-lá againn.

 

Posted in Imeachtaí Speisialta, Rang M. Eilís, Rang M. Máire Treasa, Spórt | No Comments »

Innealtóireacht i Rang 2

Posted by enicdhonncha1197 on 25th April 2017

Bíonn ‘dúshlán na seachtaine’ againn sa rang. Tamall ó shin bhí orthu ‘an túr is airde gur féidir déanamh le cúig billeoga pháipéara’ a cruthú. Ní bhfuair said aon treoracha eile agus ní raibh chead acu aon rud eile a úsáid (mar shampla gliú). D’eirigh rudaí thar a bheith comórtasach agus chruth siad túranna an arda ar fad!

        

Posted in Eolaíocht agus Matamaitic, Rang M. Eilís | No Comments »

Altra mar Aoi Aibreán

Posted by enicdhonncha1197 on 3rd April 2017

Nuair a bhí muid ag foghlaim faoi Florence Nightingale sa ceacht staire tháinig Rita Uí Mhuineacháin (máthair Aoibhe) isteach chugainn chun saol altra sa lá atá inniu ann a phlé.

Thaispeán sí dúinn an bealach cheart chun ár lámha a nigh – ba cheart go dtógfaidh sé idir 30 soic agus 1 nóiméad iomlán!

Chun taispeáint dúinn an chaoi a foghlaimíonn altraí faoi seo agus iad ag traeneáil thóg sí a ‘bosca draíochta’ léi. Bhí ar ár múinteoir a Cupid lámha a chlúdaigh leis an uachtar spesialta. Lasann an uachtar suas corcra sa bhosca. Ansin bhí uirthi a lámha a nigh de réir and córás nua-foghlamtha agus iad a chur ar ais isteach sa bhosca chun feiceál an raibh siad iomlán glan.

 

Is féidir feiceál sa phictiúr gur eirigh cuíosach mhaith léi ach níos mó obair ag teastáil ar na hingne agus an rosta!

Comh mhaith leis an méid sin d’éist muid lenár gcuislí agus d’fhoghlaim faoi saol mar altra. Bhí an spéis againn faoin am a chai that Rita ag obair le othair tar éis nódú croí agus orgáin eile.

Posted in Gaelbhratach, Rang M. Eilís | No Comments »