Gaelscoil Riabhach

Ár suíomh blag

  • Gaiscí Scoile – Achievements

Archive for the 'Rang M. Maria' Category

Tá rang a trí éirimiúil

Posted by moleary4099 on 22nd June 2017

Bhí an-lá ag rang a trí inné. Chuireamar seó tallainne i láthair agus tháinig naíonáin mhóra chugainn chun féachaint air. Fuaireamar spreagadh ó chlár teilifíse áirithe! B’iontach an lucht féachana iad naíonáin mhóra:

Drámaíocht úrnua

Cleasaíocht láimhe

Rince gaelach

Ceol den scoth

Scoth an cheoil

Amhránaíocht álainn

Amhránaíocht álainn

Amhránaíocht den scoth

Gleacaíocht den scoth

Gleacaíocht den scoth

Gleacaíocht

Scileanna sacair

Scileanna sacair

Ár lucht féachana

Ár lucht féachana

 

 

 

 

 

Posted in Gaelbhratach, Rang M. Áine Máire, Rang M. Maria | No Comments »

Turas scoile rang a trí

Posted by moleary4099 on 8th June 2017

Bhí turas scoile thar a bheith spéisiúil ag rang a trí inné. Thosaíomar an lá i ndaonmhúsaem Derryglad in Áth Luain. D’fhoglaimíomar go leor faoi na laethanta atá caite agus na hathruithe a tháinig ó shin:

Siopa ar an sean-stíl

Scoil ar an sean-stíl.

Ina dhaidh sin, chuamar ag crúsáil ó Bhá Hodson go dtí Áth Luain. Bhí an-am againn ag foghlaim faoi na Lochlannaigh agus ag baint sult as an aer úr. Bhí sé in am againn lón deas a ithe i Planet ina dhiaidh sin agus go leor súgraidh lena chéile. Chuamar ag babhláil ann chomh maith:

 

Posted in Imeachtaí Speisialta, Rang M. Maria | No Comments »

Agallaimh bheirte i rang a trí

Posted by moleary4099 on 8th June 2017

Bhain rang a trí an-sult as agallaimh a scríobh i mbeirteanna inniu. Ina dhiaidh sin, chuir gach beirt na hagallaimh i láthair don rang agus rinne an rang tomhais ar cén duine cáiliúil a bhí ann. Tá an-aisteoirí agus bleachtairí againn i rang a trí, ar ndóigh!:

Posted in Gaelbhratach, Rang M. Maria | No Comments »

Foirne Peile na Scoile

Posted by mnídhubháin4876 on 7th June 2017

Caithfidh mé a rá go ndearna na gasúir go hiontach i mbliana leis an bpeil. D’éirigh linn dhá fhoireann a chur chun páirce i mbliana. Is cinnte gur éirigh leo ar fad feabhas a chur ar a gcuid scileanna peile le linn na seisiúin traenála agus na cluichí a d’imir siad ar son na scoile. Ard mholadh le fáil ag chuile duine a ghlac páirt.

Posted in Rang M. Brian, Rang M. Maria, Rang M. Síle, Spórt | 1 Comment »

Foghlaim chomhoibritheach i rang a trí

Posted by moleary4099 on 1st June 2017

An tseachtain seo, d’fhoghlaim rang a trí faoi ghnéithe éagsúla den eolaíocht trí fhoghlaim chomhoibritheach. Mar sin, léigh gach grúpa leabhar difriúil. Léigh gach duine i ngach grúpa leathanaigh dhifriúla sa leabhar céanna. Ansin, d’inis siad dá ngrúpa faoin méid a d’fhoghlaim siad sa leabhar. Mar sin, d’fhoghlaimíomar óna chéile.

Ansin, chláraigh gach grúpa a eolas nua. Ina dhiaidh sin, bhog gach duine go grúpa nua agus roinn siad a eolas nua óna leabhair le chéile. Bhí sé an-spéisiúil ag éisteacht leis an bplé idir na daltaí.

 

Ag léamh agus ag clárú i ngrúpa beag.

Ag clárú agus ag oibriú le chéile.

Ag clárú le chéile.

Ag labhairt faoi leabhair éagsúla i ngrúpaí nua le cabhair ónár nótaí/bpictiúir (agus ag baint an-sult as!).

Posted in Eolaíocht agus Matamaitic, Rang M. Maria | No Comments »

Cluichí teanga i rang a trí

Posted by moleary4099 on 1st June 2017

Is breá linn ár scileanna labhartha Gaeilge a fheabhsú le cluichí teanga. Bhí an-am againn ag imirt ‘tomhais cé mé’ i mbeirteanna:

Posted in Gaelbhratach, Rang M. Maria | No Comments »

Tógáil i rang a trí

Posted by moleary4099 on 23rd May 2017

Chruthaigh rang a trí a mionsamhail lánléargais (nó diorama) féin. Bhaineamar úsáid as boscaí bróg agus ábhair eile chun seomraí codlata agus spásanna éagsúla a chruthú ón samhlaíocht. Táimid an-bhródúil as an toradh:

:

 

Posted in Rang M. Maria | No Comments »

Tobshlua!

Posted by enicdhonncha1197 on 22nd May 2017

Bhí an-chraic againn ag cur tobshlua (flashmob) le chéile i rith Seachtain Gníomhach 2017. Mhúin daltaí ó Rang 6 don scoil ar fad é i gceachtanna gearra gach lá agus ar an lá deirneach rinne muid ar fad le chéile é. D’fhéadfá an taitneamh a bhain muid as a fheiceáil san fhíseán beag seo 🙂

Posted in Brat Gorm, Imeachtaí Speisialta, Rang M. Áine, Rang M. Áine Máire, Rang M. Brian, Rang M. Eilís, Rang M. Máire Treasa, Rang M. Maria, Rang M. Síle, Spórt | No Comments »

Ióga agus gleacaíocht i rang a trí

Posted by moleary4099 on 14th May 2017

Ar an Aoine seo caite, rinne rang a trí (agus cúigear as rang a haon) neart staidiúr i mbeirteanna sa cheacht ióga. Chabhraigh sé seo linn comhoibriú lena chéile agus tacaíocht a thabhairt dá chéile:

Posted in Gaelbhratach, Rang M. Máire Treasa, Rang M. Maria, Spórt | No Comments »

Picnic agus súgradh sa pháirc spraoi

Posted by moleary4099 on 8th May 2017

Chuaigh rang a 3 chuig an bpáirc ar an Aoine. Bhí picnic dheas againn agus bhí an-am againn ag súgradh sa pháirc spraoi. Thuill rang a 3 é seo mar gheall ar an iarracht mhór a rinne siad leis an nGaeilge le tamall anuas. Maith sibh rang a 3. Gaeilge abú!:

Posted in Gaelbhratach, Rang M. Maria | No Comments »