Gaelscoil Riabhach

Ár suíomh blag

  • Gaiscí Scoile – Achievements

Archive for the 'Rang M. Máire Treasa' Category

Lá Spóirt 2017

Posted by mnídhubháin4876 on 23rd June 2017

Is cinnte gur bhain muid an taitneamh as an lá spóirt a bhí againn i mbliana.

Posted in Rang M. Máire Treasa, Spórt | No Comments »

Turas go Gairdín Bhríde

Posted by mnídhubháin4876 on 19th June 2017

An tseachtain seo caite thug muid cuairt ar Ghairdín Bhríde i Maigh Cuillinn. Caithfidh mé a rá go raibh lá iontach ag na gasúir cé go bhfuair muid cúpla múr báistí.

Chuaigh na gasúir ar thóir feithidí sa choill. Thug siad cuairt ar bhaile beag na síoga agus rinne siad leapacha do na luchóga. Chomh maith leis sin rinne siad a ndeoch draíochta féin as luibheanna.

Posted in Eolaíocht agus Matamaitic, Rang M. Máire Treasa | No Comments »

Tobshlua!

Posted by enicdhonncha1197 on 22nd May 2017

Bhí an-chraic againn ag cur tobshlua (flashmob) le chéile i rith Seachtain Gníomhach 2017. Mhúin daltaí ó Rang 6 don scoil ar fad é i gceachtanna gearra gach lá agus ar an lá deirneach rinne muid ar fad le chéile é. D’fhéadfá an taitneamh a bhain muid as a fheiceáil san fhíseán beag seo 🙂

Posted in Brat Gorm, Imeachtaí Speisialta, Rang M. Áine, Rang M. Áine Máire, Rang M. Brian, Rang M. Eilís, Rang M. Máire Treasa, Rang M. Maria, Rang M. Síle, Spórt | No Comments »

Ióga agus gleacaíocht i rang a trí

Posted by moleary4099 on 14th May 2017

Ar an Aoine seo caite, rinne rang a trí (agus cúigear as rang a haon) neart staidiúr i mbeirteanna sa cheacht ióga. Chabhraigh sé seo linn comhoibriú lena chéile agus tacaíocht a thabhairt dá chéile:

Posted in Gaelbhratach, Rang M. Máire Treasa, Rang M. Maria, Spórt | No Comments »

Seachtain Spóirt 2017 Rang 1 Lá 2

Posted by mnídhubháin4876 on 3rd May 2017

Bhí an aimsir ar fheabhas arís inniu agus muid ag tabhairt faoi lá a 2 don tseachtain spóirt. Chuir muid tús leis an lá le Zumba agus ansin rinne muid 10@10. Théis am lóin beag bhí an t-ádh linn gur bhuail tuismitheoir isteach agus go ndearna sí lúthchleasaíocht linn. Tá muid an bhuíoch d’Andrea a tháinig isteach chun an lúthchleasaíocht a dhéanamh linn inniu. Théis am lóin mór thug muid ár naghaidh suas ar an bpáirc peile le rang 2 áit ar thug muid faoi cluiche corr a imirt den chéad uair. Bhí an-lá againn.

 

Posted in Imeachtaí Speisialta, Rang M. Eilís, Rang M. Máire Treasa, Spórt | No Comments »

Seachtain Spóirt 2017 Rang 1 Lá 1

Posted by mnídhubháin4876 on 3rd May 2017

Bhí lá an-spórtúil againn inné ar scoil. Bhí an t-ádh linn go raibh an aimsir go hálainn. Thosaigh muid amach an lá le Zumba ar maidin ansin rinne muid 10@10. Théis am lóin beag tháinig grúpa páistí ó rang 5/6 chugainn chun Dioscó Pogo a mhúineadh dúinn. Ansin thug muid ár naghaidh síos chuig an loch le rang 2 áit ar rith míle leo. Théis am lóin mór ansin bhí íoga againn le múinteoir Maria. Tá muid thar a bheith buíoch do chuile duine a chabhraigh linn inné agus muid ag baint taitneamh as an lá iontach a bhí againn.

 

Posted in Imeachtaí Speisialta, Rang M. Máire Treasa, Spórt | No Comments »

Im á dhéanamh sa seomra ranga

Posted by mnídhubháin4876 on 29th March 2017

Théis am lóin beag inniu rinne muid im sa seomra ranga. Bhí muid théis plé a dhéanamh an lá roimhe faoi céard a bhí ag teastáil uainn chun an t-im a dhéanamh agus an próiséis go raibh muid chun leanacht.

Dhóirt Lauren  an t-uachtar isteach sa chrúiscín go dtí go raibh sé timpeall leathlán. Ansin chur Jamie an clúdach ar bharr scriúáil sé go teann air é.  Rinne muid ciorcal ansin áit go bhur chuile duine seans an crúiscín a chraith suas agus síos  agus muid ag damhsa leis an gceol.  Stop muid ag dhá nóimead agus d’fhéach muid ar cén chaoi a raibh ag éirí linn agus arís ag cheithre nóiméad. Ag ocht nóiméad thug muid faoi deara go raibh im déanta againn agus go raibh bláthach againn chomh maith. Bhí muid an-sásta linn féin.

 

Posted in Eolaíocht agus Matamaitic, Rang M. Máire Treasa | No Comments »

Cóisir Píotsa & Céilí beag

Posted by mnídhubháin4876 on 20th March 2017

Ar an Aoine bhí cóisir píotsa againn mar gheall go bhfuil na tógálaithe tar éis tosnú ag obair ar ár SCOIL NUA. Tá muid ag siúl go mór lenár scoil nua.

 

Théis an cóisir a bheith againn chuaigh muid amach ar an gclós le Rang a 4 agus bhí céilí beag againn mar gheall gur stop sé ag báisteach. Bhí an-spraoi againn ag damhsa le Rang a 4.

Posted in Gaelbhratach, Imeachtaí Speisialta, Rang M. Brian, Rang M. Máire Treasa, Spórt | No Comments »

Tráth na gCeist i Rang a hAon

Posted by mnídhubháin4876 on 16th March 2017

Mar chuid de Sheachtain na Gaeilge  bhí tráth na gceist ag na gasúir ar scoil inniu. Bhain siad an-taitneamh as.

Posted in Gaelbhratach, Rang M. Máire Treasa | No Comments »

Seanfhocail i Rang a hAon

Posted by mnídhubháin4876 on 14th March 2017

Mar chuid de Sheachtain na Gaeilge bhreathnaigh muid ar roinnt sheanfhocail i rang a hAon. Ansin shocraigh muid ár pictiúirí féin a tharraingt dóibh chun iad a léiriú . Roghnaigh chuile ghasúr seanfhocal amháin agus tharraing siad pictiúr dó. Is cinnte gur bhain siad taitneamh as a bheith ag  éisteacht ‘s ag athrá na seanfhocail.

 

Posted in Gaelbhratach, Rang M. Máire Treasa | No Comments »