Gaelscoil Riabhach

Ár suíomh blag

  • Gaiscí Scoile – Achievements

  • Tacaigh linn – support us!

    Tacaigh leis an scoil – Ceannaigh bríce anseo!

    Support our school fundraiser – Buy a brick here!

Archive for the 'Rang M. Síle' Category

An bhfuil rialóir agat?

Posted by moleary4099 on 18th April 2018

Tar chuig an siopa scoile gach Luan, Céadaoin agus Aoine! Tá siopadóirí den scoth againn! Shocraigh an coiste gaelbhrataí a bheith i gceannas ar an siopa scoile agus cuirtear fáilte roimh chách! Bíonn an siopa oscailte ó 8:40am – 9:00am.

Posted in Brat Buí, Gaelbhratach, Rang M. Áine, Rang M. Áine Máire, Rang M. Brian, Rang M. Dairíne, Rang M. Eilís, Rang M. Maria, Rang M. Síle | No Comments »

Cairde cuideachta

Posted by moleary4099 on 17th April 2018

Bíonn scata ó na hardranganna ar chlós na naíonán ag spreagadh na naíonán agus ag labhairt i nGaeilge leo. Maith sibh féin:

 

Posted in Brat Buí, Gaelbhratach, Oifig, Rang M. Brian, Rang M. Maria, Rang M. Síle | No Comments »

Spórt agus spraoi ag déanamh slaim!

Posted by dmaccrosain9329 on 2nd April 2018

Bhí an-spórt againn le déanaí ag déanamh slaim agus ag iniúchadh conas an slam is fearr a dhéanamh. Bhí sé go deas Rang a Ceathair agus Rang a hAon  a fheiceáil ag comhoibriú lena chéile.

Posted in Eolaíocht agus Matamaitic, Rang M. Dairíne, Rang M. Síle | No Comments »

Rugbaí

Posted by M. Brian on 23rd March 2018

Cúpla seachtain ó shin, ghlac Rang 4, 5 agus 6 páirt i gcluichí rugbaí cairdiúla. Rinne muid seisiúin traenála ar scoil chun na scileanna a fhoghlaim. Thaitin sé go mór le gach duine!

Posted in Brat Gníomhach, Rang M. Brian, Rang M. Síle, Spórt | No Comments »

Grúpaí ón gclós ar Lá na Leabhair

Posted by enicdhonncha1197 on 23rd March 2018

Bhí an spraoi againn sa chlós agus gach duine sa chlós. Seo sampla beag de… 🙂

Gangsta Grannies!

Muintir Harry Potter Grúpa 1

Muintir Harry Potter Grúpa 2

Cá bhfuil Wally?

Muintir ó Cogadh na Réaltaí

Stormtrooper agus an Stig at tabhairt an-aire do na naíonáin inniu! 🙂

 

 

Posted in Imeachtaí Speisialta, Oifig, Rang M. Áine, Rang M. Áine Máire, Rang M. Brian, Rang M. Dairíne, Rang M. Eilís, Rang M. Maria, Rang M. Síle | No Comments »

Scríobh Leabhar

Posted by enicdhonncha1197 on 22nd March 2018

Bhí oíche iontach ag beirt ón scoil istigh i nGaillimh ag bronnadh na gradam ón gComortas Scríobh Leabhar. Bhuaigh Chloe an comórtas ó Rang 4 agus bhailigh Leela an teastas i gcóir leabhar ranga ar son Rang 2.

Bhain siad an taitneamh as an oíche a bhí lán le spraoi agus craic. Bhí seans ag Leela dul suas le grúpa Cheerleaders a caitheamh le chéile ar an oíche os cóir na sluaite!

Maith sibh cailíní!

Posted in Gaelbhratach, Oifig, Rang M. Eilís, Rang M. Síle | No Comments »

Coiste na nDaltaí 2017/2018

Posted by M. Brian on 23rd September 2017

Bhí toghchán Choiste na nDaltaí ar siúl ar an Aoine agus d’éirigh thar cionn le chuile pháiste a sheas. Bhí 39 páiste ag seasamh agus léígh siad amach óráidí os comhair na páistí ar fad ó Rang 2 go Rang 6 – os cionn 100 duine! Bhí smaointí iontacha acu ar fad agus is cinnte go bhfuil an t-ádh leis an scoil maidir le caighdeán na scoláirí atá againn. Ar deireadh, vótáil na gasúir agus toghadh an coiste nua! Gach rath orthu lena gcuid oibre i mbliana, agus comhghairdeas mór leo uile!

Posted in Imeachtaí Speisialta, Rang M. Brian, Rang M. Eilís, Rang M. Maria, Rang M. Síle | No Comments »