Agus muid ag druidim i dtreo deireadh na bliana rinne muid roinnt macnamh faoin obair ar fad a rinneamar i mbliana agus an craic ar fad a bhí againn. Rinneamar léarscáil inchinne mar cur i gcuimhne dúinn féin. Seo roinnt samplaí.
Rinneamar roinnt potaireacht i mbliana. Seo hiad ár gcrúscíní. D’fhoghlaimid faoi brat críche (slip) agus gur féidir é a úsáid mar glé i bpotaireacht chun na cluasa a greammadh. D’fhoghlaimid fresin go bhfuil gobanna níos deacra ná cheap muid!
Bhí an-lá ag rang a trí inné. Chuireamar seó tallainne i láthair agus tháinig naíonáin mhóra chugainn chun féachaint air. Fuaireamar spreagadh ó chlár teilifíse áirithe! B’iontach an lucht féachana iad naíonáin mhóra:
Bhí lá iontach ag Naíonáin Bheaga ar an bhfeirm an Aoine seo caite. Chonaic muid an-chuid ainmhithe, thug an feirmeoir síob dúinn ar an tarracóir agus bhí áit spraoi le sleamhnán mór ann, Bhí na páistí an-sásta ar an mbealach abhaile ar an mbus!
Rinne muid físeán bunaithe ar an dráma puipéid a rinne muid don Seó Samhna, An Féileacán Oíche. Tá muid chun cur isteach ar an gcomórtas “Fís” leis. Is féidir breathnú air ag an nasc Youtube thíos!
An tseachtain seo caite thug muid cuairt ar Ghairdín Bhríde i Maigh Cuillinn. Caithfidh mé a rá go raibh lá iontach ag na gasúir cé go bhfuair muid cúpla múr báistí.
Chuaigh na gasúir ar thóir feithidí sa choill. Thug siad cuairt ar bhaile beag na síoga agus rinne siad leapacha do na luchóga. Chomh maith leis sin rinne siad a ndeoch draíochta féin as luibheanna.
Bhí lá den scoth ag rang 2 inniu. Bhain muid an taitneamh as cuairt ar an gcaisleán, an gcrannóg agus an ‘Brendan Boat’ i Cragganowen. Bhí muid an-tógtha leis an cloigeann eilce a bhí ar an mballa acu.
Ina dhiaidh sin bhí spórt agus spraoi againn in Ionad Spórt na Sionainne. Bhí cuid againn an-chróga ar an mballa dreapadóireachta fiú!