Gaelscoil Riabhach

Ár suíomh blag

  • Gaiscí Scoile – Achievements

Archive for the 'Seanphoist – 2015/2016' Category

Tobshlua!

Posted by enicdhonncha1197 on 22nd May 2017

Bhí an-chraic againn ag cur tobshlua (flashmob) le chéile i rith Seachtain Gníomhach 2017. Mhúin daltaí ó Rang 6 don scoil ar fad é i gceachtanna gearra gach lá agus ar an lá deirneach rinne muid ar fad le chéile é. D’fhéadfá an taitneamh a bhain muid as a fheiceáil san fhíseán beag seo 🙂

Posted in Brat Gorm, Imeachtaí Speisialta, Seanphoist - 2015/2016, Spórt | No Comments »

Léig Eitpheile

Posted by M. Brian on 16th June 2016

Comhghairdeas leis an bhfoireann a chríochnaigh ag barr na sraithe sa léig eitpheile i mbliana! Bhí caighdeán iontach ard sna cluichí uilig.

Anois, beidh na cluichí leath-cheannais agus an cluiche ceannais againn!

20160603_122315

Posted in Seanphoist - 2015/2016, Spórt | 1 Comment »

Deireadh na bliana ag druidim linn!

Posted by M. Brian on 16th June 2016

Tá deireadh na bliana beagnach linn! Tá muid tar éis an t-uafás a dheanamh le chéile agus a fhoghlaim i mbliana agus bhí bliain iontach againn. Rinne muid na pórtáidí ranga seo chun an bhliain a chaith muid le chéile a cheiliúradh!

Posted in Seanphoist - 2015/2016 | 3 Comments »

Baile Locha Riach i Lego

Posted by M. Brian on 16th June 2016

Tá muid ag foghlaim faoi Bhaile Locha Riach sna meánaoiseanna. D’fhoghlaim muid faoi na Normannaigh, na ballaí agus an móta, an mhainistir agus a lán rudaí eile.

Ansin rinne muid macasamhail de Bhaile Locha Riach as Lego!

Posted in Ár bPodchraolta/ Podcasts - Raidió Riabhach, Imeachtaí Speisialta, Seanphoist - 2015/2016 | 2 Comments »

Agallamh Skype le Brian O’Reilly, eolaí ó LIGO

Posted by M. Brian on 8th June 2016

Cúpla seachtain ó shin riunne Rang 4 + 5 agallamh le Brian O’Reilly, uncail le páití sa scoil agus duine de na heolaithe ar éirigh leo Tonnta Imtharraingte a aimsiú ag institiúd LIGO. Seo an t-agallamh a rinne muid!

A few weeks ago Rang 4 + 5 interviewed Brian O’Reilly, uncle of some of our Gaelscoil students and one of the chief scientists who recently succeeded in confirming the existence of gravitational waves at the LIGO institute in the USA. Here’s the interview we recorded, where we ask about how he got from County Galway to America, what he thinks happens in a black hole and lots more!

Posted in Eolaíocht agus Matamaitic, Seanphoist - 2015/2016 | 1 Comment »

Scratch

Posted by M. Brian on 31st May 2016

scratch1 scratch2

Is breá leis na gasúir a bheith ag obair le Scratch ar na ríomhairí. Rinne said cluichí agus físeáin I mbeirteanna i rith na míosa.

 

Posted in Eolaíocht agus Matamaitic, Seanphoist - 2015/2016 | 1 Comment »

Ag obair sa ghairdín!

Posted by M. Brian on 31st May 2016

Tháinig tuismitheoirí sa scoil – Sarah agus Rosa – agus thaispeáin said dúinn cén chaoi muirín a dhéanamh don ghairdín. Beidh torthaí agus glasraí blasta again an bhliain seo chugainn le cúnamh Dé!

 

Posted in Brat Glas, Eolaíocht agus Matamaitic, Seanphoist - 2015/2016 | 1 Comment »

Meiriceá Theas

Posted by M. Brian on 7th April 2016

Rinne Rang 4 agus 5 a lá oibre ar Mheiriceá Theas. I mbeirteanna rinne siad taighde ar rudaí ar nós na hAindéis, An Amasóin, Sacar sa Bhrasaíl agus a lán rudaí eile. Ansin rinne siad taispeántais Prezi ar gach ceann acu. Bhí siad chomh maith sin gur chuir muid le chéile iad ar an suímh idirlíne seo – cliceáil ar an nasc chun iad a fheiceáil!

Cliceáil anseo!

Posted in Seanphoist - 2015/2016 | 3 Comments »

Clár Raidió – An Meaisín Ama II

Posted by M. Brian on 2nd April 2016

Chuile bhliain bíonn comórtas ag Seachtain na Gaeilge ina mbíonn scoileanna ar fud na tíre ag déanamh seó raidió i nGaeilge. Tá Gaelscoil Riabhach tar éis an comórtas seo a bhuachaint 4 bliana as a chéile! Anuraidh, rinne muid seó darb ainm An Meaisín Ama, ina raibh páistí ag dul siar san am i Stair na hÉireann. I mbliana, rinne muid An Meaisín Ama II – téann na páistí siar chun foghlaim faoi 1916 ach nuair a tosaíonn siad ag cabhrú le daoine athraíonn siad an Stair!

Éist lenár seó anseo!

 

 

Posted in Ár bPodchraolta/ Podcasts - Raidió Riabhach, Seanphoist - 2015/2016 | 3 Comments »

Rang 3 Teach na mbocht

Posted by anachonchubhair6678 on 15th March 2016

Tar éis a lán oibre a dhéanamh sa rang bunaithe ar an Ghorta Mhór in Éirinn, chuamar ar thuras chuig teach na mbocht i bPort Omna. Bhaineamar an-taitneamh go deo as an turas. Nuala an treoraí a bhí againn agus cuireadh an turas ar fáil dúinn trí Ghaeilge. Míle buíochas do Nuala a tháinig isteach go speisialta chun an turas a chuir ar fáil trí Ghaeilge. Turas chorraitheach a bhí ann. Seo an t-aon teach na mbocht atá ar oscailt don phobal in Éirinn. B’fhiú go mór cuairt a thabhairt air!

 

20160310_110632[1] 20160310_111045[1]

20160310_112025[1]20160310_113446[1]20160310_110155[1]

 

Posted in Seanphoist - 2015/2016 | 1 Comment »